teiníḋ,” arsa Duḃ? Ḃeiḋeaḋ eagla orm go m-buailfeaḋ an beaṫaċ mór sin preab orm, no go m-bainfeaḋ an beaṫaċ sin eile sglaṁ asam, no an beaṫaċ beag sin gob asam.” “Da mbeiḋeaḋ bealaċ agam-sa le n-a gceangal, ċeanglóċainn iad“ arsa Duḃ. Tharraing an ċailleaċ trí ribe fionnfaiḋ as poll a h-eascail ⁊ ċaiṫ sí ċuige iad. D’ ḟeuċ Duḃ ceann aca air a ṁeur ⁊ ġearr sé é go d-tí an cnáṁ. Leis sin ċaiṫ sé iad ’sa teiniḋ ⁊ riġne siad trí ḃloisg ṁóra, ⁊ ċeangail sé na beiṫiġ le trí fiogaiḃ. Nuair a ḃí an ċailleaċ tamall aig an teiniḋ dubairt sí le Duḃ naċ d-tug sí fasgaḋ tiġe nó teas teineaḋ do aon ḟear aríaṁ naċ mairḃfeaḋ mart de ċuid an riġ dí. “Maiseaḋ” arsa Duḃ “ní beiḋ mise níos measa ’ná cáċ,” ⁊ ċuaiḋ sé amaċ ⁊ ṁarḃ sé mart ⁊ ṫug isteaċ é. Chaiṫ sé ceaṫraṁa de ċuicí. Tharraing sí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrásaiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe, ⁊ ṡluig sé é.
“Biaḋ, biaḋ nó troid,” ars an ċailleaċ, &c.
Le sgeul fada a ḋeanaḋ goirid, ṫug sé trí ceaṫraṁnaċa dí ⁊ ċuir sí troid air mar naċ d-taḃairfeaḋ sé tuille ḋí. Ḃí an ċailleaċ aig breiṫ buaiḋ ⁊ sgairt Duḃ amaċ “Cuideaḋ, cuideaḋ a eiċ.” “Teann, teann a ribe ⁊ bain an ceann de’n eaċ” ars an tsean-ċailleaċ. Is doilġe daṁ ⁊ me brúiġte, dóiġte air ċúl mo ċinn ’sa teiniḋ” ars an ribe. Thoisiġ an eaċ aig cuideaḋ le Duḃ aċt ’na ḋeiḋ sin ⁊ uile ḃí an ċailleaċ aig breiṫ buaiḋ gur sgairt sé air a ċú ⁊ air a ṡeaḃac. Ḃuaileaḋ an t-eaċ preab uirri, ḃaineaḋ an cú sglaṁ aisdí, ⁊ ṗioc an seaḃac an dá ṡúil aisdí, gur ċlaoiḋ siad í. Nuair a ḃí sí a ċóṁair a ḃeiṫ marḃ, “Fóil, fóil” ars sise “na marḃ mé ⁊ ḃéarfaiḋ mé mo ṡlat ḋraoiḋeaċta ḋuit, ⁊ ṫig leat do ḋearḃráṫair atá ’na ċarraig ṡíos annsin le taoiḃ an dorais a ḋeanaḋ beó arís leiṫe.” “A ċailleaċ ṡalaċ, is liom féin an t-slat sin ó do lá-sa amaċ,” arsa Duḃ, ⁊ leis sin ḃain sé an ceann dí. Rug sé air an t-slait ḋraoiḋeaċta ⁊ ḃuail sé an ċarraig a ḃí le taoiḃ an dorais, ⁊ d’ eiriġ a ḋearḃraṫair suas beó, beiṫeaċ coṁ maiṫ ⁊ ḃí sé ariaṁ. Riġne sé an rud céadna leis an eaċ, leis an ċú ⁊ leis an t-seaḃac. Air n-dóiġċe ḃí luṫġáir ṁór air na dearḃráiṫreaċaiḃ ⁊ ċaiṫ siad an oiḋċe sin go súgaċ ins an ḃrúiġin. Air maidin lá ar n-a ḃáraċ ṫug siad iarraiḋ air an ḃaile. Nuair a ḃí siad aig triall leó ṫoisiġ Duḃ aig innsint mar ṫárla dó ó d’ḟág sé an baile ⁊ duḃairt sé nar ċuir rud air bíṫ oiread iongantais air leis an ḃean a cuireaḋ a luiḋe ċuige ins an teaċ mór air ḃain sé faoi ann an oiḋċe roiṁe. Réir mar d’innis sé d’aiṫin Donn gur ḃí a ḃean féin a ḃí ann ⁊ d’eiriġ an oiread sin feirge air gur ḃuail sé Duḃ le slait na draoiḋeaċta ⁊ riġne sé carraig cloiċe ḋe, ⁊ d’imṫiġ leis ann a’ ċaisleáin a raḃ a ḃean ann. Nuair a ḃeannaiġ isteaċ ann, ṡaoil sé naċ raḃ an oiread fearaḋ-ḟáilte aig n-a ṁnaoi roiṁe ⁊ buḋ ċóir ⁊ fuair sé amaċ uaiṫe go deárn sé éugcóir air a ḋearḃraṫair. Go luaṫ air maidin lá ar n-a ḃáraċ, d’imṫiġ sé go d-táinic sé ċoṁ fada leis an áit a dearn sé carraig de Ḋonn, ḃuail sé le slat na draoiḋeaċta e ⁊ d’eiriġ sé suas beó arís. Shiuḃail siad leó go d-táinic siad ann a’ ċaisleáin, ⁊ fuair siad an uile ḋuine ann sin faoi ḃrón ṁór. H-innseaḋ dóiḃṫe go d-táinic Ceann Gruagaċ na g-Cleasann as an Dóṁan Shoir ⁊ go d-tug sé bean Dhoinn leis le ḃeiṫ ’na mnaoi aige aċt sul ar ḟág siad an caisleán, ċuir sí faoi ġeasaiḃ é lá ⁊ bliaḋain de spás a ṫaḃairt dí sul a b-pósfaiḋe iad. D’imṫiġ Donn ⁊ Duḃ ’na ndéiḋ, lá ar n-a ḃáraċ ⁊ ṡiúḃail leó go d-táinic neóin ḃeag, &c. Ní ḟacaiḋ siad teaċ mór a ḃ-fad uaiḃṫe no teaċ beag ndeas dóiḃṫe, aċt teaċ beag aṁáin, fionn, fionnagaċ, donn, donnagaċ; gan bun cleite amaċ nó bárr cleite isteaċ aċt an cleite beag aṁáin a ḃí aig deanaḋ dídin ⁊ fasgaiḋ do’n teaċ a lig. Chuaiḋ siad