Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/105

This page has not been proofread.
101
THE GAELIC JOURNAL.

leanḃ balḃ. Ní ḟuil balḃán ar biṫ in mo ṫeaċ, aċt atá fiċe balḃán ins an teaċ mór eilé ag Baile-aṫa-cliaṫ. Atá fairrge idir ad oileán beag agus an oileán mór.

§ 368. Dermot MacMurrough is not now alive, he. is dead, he died in Ireland. I have only a shilling. I have no other money. A sea, a ship, a boat, a sail. There was a good market in Armagh. The milk is not sweet, it is bitter. The place is rough, but the place is wholesome. The fox is dead. Denis got a blow from Niall, but he is not dead yet. Columbkille has a great name in Erin and in Scotland. There is no king in Scotland now. There is a sea between Ireland and Scotland.


Suggestions are especially invited towards simplifying the above treatment of the sounds of and ġ.—E. O'G.


BEARNA DHIARMADA.

Concluded.

Le mionnaiḃ móra do lean na marcaiġ eile é, ar buile le feirg ⁊ tnúṫ. Ba ṡaoḃ é a dtóruiġeaċt. D’ḟág sé i ḃfad ’n-a ḋiaiḋ iad, mar ḃí an t-eaċ caol duḃ go cuiṫig tréan.

Níor ṫarraing sé srian go dtáinig go Cúmlumina ⁊ sgaoil an t-eaċ faoi an ḃfásaċ.

“’Sé mo ḃaraṁail,” ar seisean leis féin, “go mbeiḋid ar mo ṫóir anoċt, ⁊ is córa ḋam mo leabaiḋ do ḋeunaṁ i measg na ḃfiallaċa.”

Do ḃuail sé leis i n-aġaiḋ an ċnuic. Ḃí an pilibín mioḋg[1] ag feadaiġil ⁊ an gaḃairín reoiġ[2] ag meigilliġ i measg na seasga, sruṫáin na gcnoc ag crónán a seoṫa binn[3] ⁊ an cúm duḃ glóraċ faoi uaigneas na hoiḋċe. Ḃi an ġealaċ ag éirġe ⁊ ag caiṫeaṁ leusa solais eidir gaċ faill ċum gur ḋóiġ leat ó sgáile gaċ splince[4] go raiḃ soċraide síḋe ag triall ṫríd an mbealaċ.

Cad atá ag an mbuiḋin ġéirleanaṁna ḋá ḋeunaṁ? Do ċruinniġeadar a g- ceann a ċéile ag Áṫ an Ċaoil Duiḃ,—aḃann do riṫeann ṫrí Ġleann Loċa Brin,—agus do ṁacṫnaiġeadar. “Leanfad-sa é,” ars an Maor Buiḋe, “agus má ḟaġaim faill[5] air, deunfad corp de. Teiḋiḋ-si ar ḃur n- aġaiḋ ⁊ gaḃaiḋ an leanḃ; geallaim daoiḃ ’nuair do ċloisfiḋ Diarmaid go ḃfuil an leanḃ gaḃálta go ndeunfaiḋ se iarraċt ar í ṡaoraḋ ⁊ cuirfimíd buaraċ[6] ’n-a ċoṁair.”

“Tá an Maor glic,” ar fear eile, “tógaiḋ a ċoṁairle, beir ar ċoileán an leoṁain ⁊ tiocfaiḋ an leoṁan le preab ⁊ le búirfeaḋ i measg na sealgaireaḋ.”

Ḃí Nóra óg ’n-a seasaṁ i ndoras boṫáin ag feiṫeaṁ le n-a h-aṫair, ⁊ na sruṫáin ag seinnm ċeoil di.

Ḃí tobar fíor-uisge ar aġaiḋ an dorais gus reultán ag feuċaint anuas ann. D’ḟeuċ an inġean go háṫasaċ ar an dtobar mar ba ġnáṫaċ, dar léi, leis an reultán gceudna so teaċt anuas ó’n speur gaċ tráṫnóna ⁊ é féin do ṫomaḋ ins an tobar ⁊ rinnceaḋ le haiteal.[7] Ṫáinig sgáil anois ós cionn an tobair ⁊ do ṁúċ sé an reultán. D’ḟeuċ sí suas le truaġ do’n reultán, mar do rinneaḋ sé cuil- eaċta[8] ḋi gaċ tráṫnóna. Ḃí ceaṫrar fear ag druidim léi go grod.

“Beir uirri,” ar fear aca, aċt do, sceinn[9] an leanḃ uaiḋ ⁊ do riṫ faoi ṫor cuilinn, as sin faoi ḟaill liaṫ ḃí ar an maċaire. Do riṫ fear annso ⁊ duine eile ann súd. Do ṫug fear aca mionn gur ṡleaṁnaiġ sí ó n-a láiṁ mar ṡiaḃra ⁊ duḃairt duine eile go raiḃ sí annso anois ⁊ ann súd ó ċianaiḃ; aċt ar feaḋ na cons- póide so, cé go raiḃ croiḋe an leinḃ ’n-a beul ⁊ a baill ar criṫ, do ṡnáiṁ sí ó sgáṫ

faille go dtí ceann eile, ⁊ i gcionn leaṫ-


  1. Plover.
  2. Jack-snipe.
  3. Lullaby.
  4. Cliff.
  5. Opportunity.
  6. Cow-spancel; also nasg. Cuir buaraċ ’n-a ċoṁair, lay a trap for him.
  7. Delight; also frisky, frolicsome.
  8. Cuideaċta, company.
  9. Started, sprang.