uaire an ċluig ḃí sí i ḃfad ar a haġaiḋ faoi ḋéin[1] a haṫar, mar ḃí ’ḟios aici go dtiocfaḋ sé ins an mbeárnain am éigin de’n oiḋċe.
Ḃí Diarmaid ins an am ceudna so ar ġualainn an Aitinn, ag feuċaint síos ar an ngleann mar a raiḃ a ḋalta, ⁊ ag smuaineaḋ uirri. Ḃí an gleann beag naċ míle uaiḋ ⁊ muraḃán[2] na hoiḋċe ós a ċionn, aċt dar leis do ċonnairc sé deilḃ a leinḃ ⁊ do ċuala sé a guṫ ag glaoḋaċ air. Do ṗreab sé ’n-a ṡuiḋe le huaṫḃás ag maċtnaṁ gur imṫiġ tubaiste éigin ar a inġin, ⁊ leis sin do ṡaoil sé gur ċorruiġ an feur ’dtaoiḃ ṡiar dé. Sul a raiḃ aimsir aige ar iompóḋ, do léim an Maor Buiḋe as an ḃfeur ⁊ do ċuir sé sgian duḃ go dorn a gcliaḃ Ḋiarmada. “A ḃiṫeaṁnaiġ, do rinnis anois é,” ar Diarmaid boċt go fann, ⁊ do ḟreagair an Maor é le goic ⁊ gáire. Níor ṫuit an gaisgiḋeaċ fós. Le méid an neirt do ḃí aige do ṫug sé ruaṫar ar an Maor ⁊ do ċuir glaic ’na scornuiġ. Do rug an ḃeirt ḟear barróg ar a ċéile, ⁊ do ċoṁraic an Maor go feargaċ fíoċṁar. Do ḃíodar araon ar ḃárr na faille, ⁊ le móir-neart do steall[3] Diarmaid uaiḋ é mar ċaiṫfeaḋ duine pisgin cait, síos i measg na gcairrge duḃ, síos le fánaiḋ, mar a ndeunann an fiolar ’sa seaḃac a neid, ⁊ do ṫuit sé féin ar ṗleasg[4] a ḋroma. I n-anaċa[5] an ḃáis dó, do ċuala sé liúġaḋ an leinḃ arís. Le feiḋm d’éiriġ sé ’n-a ṡuide ⁊ do leig glaoḋ as do ḃean mac-alla as na gleanntaiḃ—“Táim a’ teaċt, a Nóra Óg, táim a’ teaċt.”
Deir sean-daoine, ’nuair a ṡéideann an ġairḃ-ṡíon ṫrí Ḃeárna Ḋiarmada go gcloistear ós cionn foṫroma na gaoiṫe móire, liúġaḋ an leinḃ ⁊ freagra an Ḃuaċalla Ḃáin,—“Táim a’ teaċt, a Nóra Óg, táim a’ teaċt.”
Maṫġaṁain Ċinn Ṁara.
WEST CORK IRISH.
NÍ AR DIA A ḂUIḊEAĊAS.
Le Pádruig Ó Laoġaire.
Do ḃí mórán daoine uair ag tógaint[6] ṁúir i mBréantráiġ le hais na n-Aoraiḋe. Do ḃí ana-ṫarrac (= an-tarrung) ag an muir ⁊ ana-ċuid ṁúir ar ḃarra-taoide,[7] aċt níor leóṁṫa[8] d’aon-neaċ teaċt i n-a ġar ná i n-a ġaor. Do ḃí na daoine go léir ar na splínceaċaiḃ[9] ag faire ar a ṫeaċt isteaċ; aċt ḋá ḟoídniġe[10] a ḃfaireaċas ⁊ a a ḃfaireaċán, ’seaḋ is móide d’ḟan an múr mar a ḃí aige,[11] ag luasgaḋ le cois calaiḋ, anois ag breiṫ suas[12] ar an áit mar a raiḃ na daoine ag suiḋe nó ag seasaṁ; an nóimiot i n-a ḋiaiḋ, ṫaġaḋ tonn tois[13] cnoic—ag treaḃaḋ ⁊ ag treun-ġluasaċt, ag briseaḋ ar na builgiḃ, ag baint fuama ⁊ foṫraim as cloiċ ⁊ carraig, nó ag spreuċaḋ[14] ⁊ ag spriúċaḋ, ag cur cuḃair suas ar ḃán ġlas.
“Ní ḟanfad-sa annso a ṫuilleaḋ,” arsa Doṁnall O’Ceallaiġ, “dá raġaḋ an saoġal i dtóin na fuiseoige.[15] Atáim annso ó leaiṫ na hoiḋċe aréir ⁊ gan pioc dá ḃarr[16] agam, ⁊ an diaḃal díom d’ḟanfaiḋ an oiread eile[17] im’ amadán ⁊ mo ḃolg boċt buailte ar ċnáṁ mo ḋroma—cad dob’ áil liḃ annso?”[18] ars’ eisean leis an gcuid eile ḃí i n-a ḟoċair.
“Is gearr go dtiocfaiḋ an múr isteaċ a ḃuaċaill,” arsa Piaras Paor. “Beiḋ sé go léir againne ⁊ tusa i n-a iongnais, ag troid le hiongnaiḃ do ċos nó (= ó) nár ḟanais—’sé sin má taoi ar tí imṫeaċt ort a ḃaile.”
“An Fear Mór[19] go mbeiriḋ leis an múr!” arsa Taḋg Beag, “mar an sinn atá iṫte suas le cráiḋteaċt ⁊ ciapṫaċt aige ó ḃeiṫ ag feiṫeaṁ annso i ḃfuaċt ⁊ i ḃfeannaid.”[20]
“Atá an ġaoṫ ag aṫruġaḋ ⁊ an ṁuir ag ciuiniuġaḋ,” arsa Pádraig O’Loingsiġ.
“Cad é sin deiri?”[21] arsa Doṁnall Ó Ceallaiġ, ag cur cluaise air féin.