Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/122

This page has not been proofread.
118
THE GAELIC JOURNAL.

Níorḃ ḟada gur casaḋ air leanḃ ⁊ é ag gul le fuaċt ⁊ le h‑ocras. “Ar son an tSlánuiġṫeora,” ars an leanḃ, “taḃair ḋom rud éigin le n‑iṫe.” Ḃí tiġ ósta[1] i ngar dóiḃ, ⁊ do ċuaiḋ Seaḋna isteaċ ann, ⁊ ċeannuiġ sé bríc aráin ⁊ ṫug sé ċum an leinḃ é. ’Nuair a fuair an leanḃ an t‑arán d’aṫruiġ a ḋealḃ; d’ḟás sé suas i n‑aírde, ⁊ do las solas iongantaċ ’n‑a ṡúiliḃ ⁊ ’n‑a ċeannaċaiḃ,[2] i dtreo go dtáinic sgannraḋ[3] ar Sheaḋna.

Síle. Dia linn! a Ṗeg, is dóċa gur ṫuit Seaḋna boċt i luige.

Peg. Níor ṫuit; aċt má’s eaḋ, ba ḋíċeall dó. Chóṁ luaṫ agus d’ḟeud sé laḃairt, duḃairt sé: “Cad é an saḋas duine ṫusa?” agus is é freagra fuair sé: “A Sheaḋna, tá Dia buiḋeaċ díot. Aingeal iseaḋ mise. Is mé an tríoṁaḋ h‑aingeal gur ṫugais[4] déirc dó andiu ar son an tSlánuiġṫeora. Agus anois tá trí ġuiḋe agat le faġáil ó Ḋia na glóire. Iarr ar Ḋia aon trí ġuiḋe is toil leat, ⁊ ġeoḃair iad; aċt tá aon ċóṁairle aṁáin agamsa le taḃairt duit,—ná dearṁuid[5] an Trócaire.” “Agus an ndeirir liom go ḃfaiġead mo ġuiḋe?” arsa Seaḋna. “Deirim, gan aṁras,” ars’ an t‑aingeal. “Tá go maiṫ,” arsa Seaḋna. “Tá caṫaoir ḃeag ḋeas ṡúgán agam ’sa ḃaile, ⁊ an uile ḋailtín a ṫagann asteaċ, ní fuláir leis[6] suíḋe innte. An ċeud duine eile a ṡuíḋfiḋ innte, aċt mé féin, go gceanglaiḋ sé innte!” “Faire, faire! a Ṡeaḋna,” ars’ an t‑aingeal; “sin guiḋe ḃreaġ imṫiġṫe gan tairḃe. Tá ḋá ċeann eile agat, ⁊ ná dearṁuid an Trócaire.” “Tá,” arsa Seaḋna, “mealḃóigín mine agam ’sa ḃaile, ⁊ an uile ḋailtín a ṫagann asteaċ, ní fuláir leis a ḋorn a ṡáṫaḋ innte. An ċeud duine eile a ċuirfiḋ láṁ ’sa ṁealḃóig sin, aċt mé féin, go gceanglaiḋ sé innte, feuċ!” “Ó, a Sheaḋna, a Sheaḋna, ní’l fasg[7] agat!” ars’ an t‑aingeal. “Ní’l agat anois aċt aon ġuiḋe aṁáin eile. Iarr Trócaire Dé do t’anam.” “Ó, is fíor ḋuit,” arsa Seaḋna, “ba ḋóbair ḋom[8] é ḋearṁad. Tá crann beag uḃall agam i leaṫ-taoiḃ mo ḋoruis, ⁊ an uile ḋailtín a ṫagan an treo, ní fuláir leis a láṁ do ċur i n‑áirde ⁊ uḃall do staṫaḋ ⁊ do ḃreiṫ leis. An ċeud duine eile aċt mé féin, a ċuirfiḋ a láṁ ’sa ċrann soin, go gceanglaiḋ sé ann!—Ó! a ḋaoine!” ar seisean, ag sgairteaḋ ar ġáiríḋe, “naċ agam a ḃeiḋ an spórt orra!”

’Nuair a ṫáinig sé as na triṫiḋiḃ,[9] d’ḟeuċ sé suas ⁊ ḃí an t‑aingeal imṫiġṫe. Ḋein sé a ṁaċtnaṁ air féin ar feaḋ tamaill ṁaiṫ, ⁊ fé ḋeireaḋ ṡiar ṫall,[10] duḃairt sé leis féin: “Feuċ anois, ní’l aon amadán i n‑Éirinn is mó ioná mé! Dá mbeiḋeaḋ triúr ceangailte agam um an dtaca so,[11] duine ’sa’ ċaṫaoir, duine ’sa’ ṁealḃóig, ⁊ duine ’sa’ ċrann, cad é an ṁaiṫ do ḋéanfaḋ san doṁsa ⁊ mé i ḃfad ó ḃaile, gan ḃiaḋ, gan deoċ, gan airgead?” Ní túisge ḃí an méid sin cainte ráiḋte aige ná ṫug sé fé ndeara ós a ċóṁair amaċ, ’san áit a raiḃ an t‑aingeal, fear fada caol duḃ, ⁊ é ag glinneaṁaint[12] air, ⁊ teine ċreasa[13] ag teaċt as a ḋá ṡúil ’n‑a spreaċaiḃ níṁe. Ḃí ḋá aḋairc air mar ḃeiḋeaḋ ar ṗocán gaḃair, ⁊ meigioll fada liaṫ-ġorm garḃ air, eirboll[14] mar ḃeiḋeaḋ ar ṁadaḋ ruaḋ, ⁊ crúb ar ċois leis mar ċrúb ṫairḃ. Do leaṫ a ḃeul ⁊ a ḋá ṡúil ar Sheaḋna, ⁊ do stad a ċaint. I gceann tamaill do laḃair an fear duḃ. “A Ṡeaḋna,” ar seisean, “ní gáḋ ḋuit aon eagla do ḃeiṫ ort róṁamsa; ní’lim ar tí[15] do ḋíoġḃála. Ba ṁian liom tairḃe éigin do ḋeanaṁ ḋuit, dá nglacṫá mo ċoṁairle. Do ċloiseas ṫú, anois beag,[16] dá ráḋ go raḃais gan ḃiaḋ, gan deoċ, gan airgead.[17] Ṫiuḃrainn-se airgead do ḋóṫain duit ar aon ċoinġíoll ḃeag aṁáin.” “Agus greadaḋ[18] tré lár do sgairt!” arsa Seaḋna, ⁊ ṫáinig a ċaint dó; “ná féadfá an méid sin do ráḋ gan duine do ṁilleaḋ led’ ċuid glinneaṁna,