Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/127

This page has not been proofread.
123
THE GAELIC JOURNAL.

an spréig uaḋ d’iarraċt.[1] Ṫuit sí ar an mbán; níor ḃrís sí áṁaċt.[2] Cuireas a órdóg i n-a ḃeal le cois na píopa.

“Tarraig! tarraig anois!” arsa áillṫeoir éigin i n-a measg.

(Tuilleaḋ.)


TRANSLATION.

Dermot drew his dark-brown dudeen from his pocket and handed it to him, and he went then to a smouldering fire which was at the top of the strand. He catches a dying coal of fire out of it and blows, blows it strong, quick, fierce; but though strong his breath, and though quick his blowing, it was in vain for him. He blows again and again stronger, quicker, fiercer than before, but his labour was of no avail, for the heat had died in the ember. He seizes another ember and blows it angrily, livelily, wrathfully, and his two eyes flaming, and the veins of his neck swelled to such an extent that they were ready to burst: his blowing was to no purpose, however. He catches the ember and flings it into the centre of the harbour, saying, “May the devil’s mother blow you for a fire!” and deals a blow of his right leg to the rest of the fire and scatters it about the bawn. The others saw him just at that very moment, and they raised one wild, ringing shout that would wake the dead out of their graves. They all rise—such of them as were not standing —and they gather round him, breaking their sides with broad laughter, and laughing their level best. One catches up an ember, another another, and so on of all the rest from first to last, small and big, young and old, and they set to blowing as well as ever they could, fain to put fire and heat again into each ember, and it impossible, for warmth had parted from each little coal of them all but a few.

“There is fire in my coal,” said some one.

“Blow on, my boy!” said Donal. “Where are you? —blow on till I come to you.”

He jumped quickly and came to his side, “Blow! blow, you devil!” says he; “and don't let the little ember die—blow!—for your life, blow!”

The boy laughed and stopped blowing,

“Fetch it to me, aroo, you devil!” says he.

The boy burst into a fit of insuppresible laughter; him- self seizes the coal through greed and burning desire for a smoke; he burns his thumb and throws down the coal all of a sudden. It fell on the bawn; but it did not break though. He puts his thumb in his mouth along with the pipe.

“Smoke! smoke now!” says some arch fellow in the crowd.

(To be continued).



Nótaiḋe.


    Airc: sglaiṁ nó faoḃar cun bíḋ nó diġe.

    Aṁ: Atá an focal so an-ċoitċionn, aċt i gcóṁ- nuiḋe i ndeireaḋ ráiḋ no blob-ráiḋ.

    De luiṫ-ṗreib: adeirṫior "de ṗreab" leis go minic; ⁊ i n-deireaḋ na preibe, dá ċur i gcéill dúinn gur do’n ḃan-inscne an focal.

    ó Lúiḃ Laḋair: ó ṫosaċ go deireaḋ nó ó ṫosaċ deireaḋ mar deirṫior i mBéara; leigṫoir amaċ an focal “go,” go h-anṁinic i n-iarṫar Ṁuṁan.

    Smeaċaid: spréig ḃeó.

    Ag tnúṫ : beiṫ ag iarraiḋ é ḋéanaṁ ⁊ gan an acfuinn ċuige ag duine.

    Ulaḋ-ġáirtéiġ, nó b’ḟéidir ollġáirṫéiġ: gáir leaṫan láidir; ionann éiġ ⁊ éiġeaṁ. Atá biṫéiġ i n-úsáid coṁ maiṫ céadna ⁊ is an-ḃeag naċ ionann bríġ ḋóiḃ.

    Díreaċ donn: Seo blob-ráiḋ atá an-ċoitċionn. Is dóiġ gur ab ionann donn no dann ⁊ denn i Sean- ġaeḋilg.

    I reaċt a bpléasgṫa: Is é seo an aon-úsáid déan- tar do reaċt, ar m-eólas. Cleaċtṫar go minic i g-Connaċtaiḃ é mar so, "i rioċt ṁuice, duine," ⁊c.; aċt do ḋéarfaiḋe "i ḃfoirb ṁuice, duine," ⁊c. I mBéara. Ionann foirb ⁊ foirm.

    Atuiġṫe: le ceart ba ċóir an focal so litriuġaḋ mar so; atṫa; aċt ní mar soin do sontar é.

    Spréiġ : sméaróid.

    Do ḃí an ġnó ’n-a ḟásaċ air: níor ṫáinic leis a ḋéanaṁ.

    Meaṫán: sméaróid do ḃeiḋeaḋ le bás.

    Meaṫlaċán: aonniḋ do ḃeiḋeaḋ lag-ḃríġeaċ.

    D’imṫiġ ⁊ do ċuaid: Táid seo araon ar lorg a ċéile go h-anṁinic, cé gur ionann bríġ ḋóiḃ.

  1. ​ D’iarraċt: nó de ṫapagoin, nó de léim.
  2. ​ Amaċt: Sontar an focal so, aṁail a’s do ḃeiḋeaḋ litriġṫe "áṁ-ṫaċ" no "áṁfaċ." ’Sé Mac Uí Ṡéaġḋa (anois i g-Coláiste na Tríonóide) ṫug amus ar ċeart-litriuġaḋ an ḟocail seo, déanta suas de "áṁ" ⁊ "aċt." Is ionann "aċt" I dtosaċ ráiḋ ⁊ "áṁ" i n-a ḋeireaḋ,—aċt níor ḃris sí = níor ḃris sí áṁ; ⁊ is ionann áṁaċt i ndeireaḋ ráiḋ agus "aċt" i n-a ṫosaċ ⁊ "áṁ" i n-a ḋeireaḋ,—níor ḃrís sí áṁaċt = aċt níor ḃris sí áṁ.

Padruig O’Laoġaire.


DOṀNALL UA LAOĠAIRE AGUS NA MNÁ SÍḊE.

(Air leanaṁuin.)

’Nuair do ċonnaic Doṁnall an ċailleaċ ag dul isteaċ ar an ḃfuinneoig, d’ḟáisg sé é féin suas ċun an droċ-ḃeart do ḃí siad ag deanaḋ do ċosg. Do leig sé a ġunna uaiḋ, agus do ċuir sé a ḃróga ḋe ar nós ná deanfaḋ sé aon trustar. Annsan do ṫug sé sgeiṁle suas taoḃṡiar do’n ċailliġ ċoṁ éadtrom sin ná’r airiġ sí é, agus ar an nóméid ċéadna do ḃí an ċailleaċ istiġ ag síneaḋ an leanaiḃ amaċ do’n ċailliġ eile. Ḋruid Doṁnall isteaċ agus do ṫóg sé an leanaḃ idir a ḋá láiṁ, a’ ráḋ, “Goirim agus coisrteacaim ṫú i n-ainm Dé dom ḟéin!” Is ar éigin do ḃí na focail so as a ḃeul ’nuair do leig na cailleaċa sgread feargaċ uaṫḃásaċ asta. Do ḃuail siad na stair-ḟiacla le ċéile, ar nós gur