Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/178

This page has been proofread.
168
THE GAELIC JOURNAL.

Éist, éist lem’ ġlór, ’s ná bí go déo’,
A ḃláiṫín óig, ag magaḋ fúm.
Taḃair gráḋ gan gó ḋam feasda, a stóir,
Cuir áṫas mór im’ ċroiḋe indiú,
Taḃair smigeaḋ órḋa ḋam a’s póg,
A’s ruaig an gleo i ḃfad ’ḃfad uaim.

Naċ saoileann tú, giḋ mór mo ġruaim,
Go ḃfaġaim-se suairceas sáṁ dom’ ċroiḋe
I smaointiḃ suaiṁneaċa sár-ṡuairc’
A ḃíos go buan im’ ċliaḃ istiġ?
a ṁaidin ċiuin go hoiḋċe ḟuair
Isé so ṁúineas dam-sa foíġid
Gur tú mo rún, mo ṁúirnín, m’ uan,
A ḃláiṫ an uḃaill—éist, éist lem’ ġuiḋe!

Tá glóir na gréine ar gaċ taoḃ—
’Sé tús an lae fá ṡult ag teaċt!
Ó bí-se féin dam mar an ngréin
Ag sgaipeaḋ séin ġil orm gan bac.
Ḃeiḋeaḋ áṫas gléigeal orainn araon
Dá ndéarṫá féin “Is tú mo ṡearc,”
’S ní ḃeiḋinn tréiġ, aċt láidir treun
Im’ ṡuiḋe led’ ṫaoḃ ó sin amaċ.


DOṀNALL O’LAOĠAIRE AGUS NA MNÁ SIḊE.

Do ḃí gaol ag Miċeál a’Conċuḃair agus a ḃean le beag-naċ gaċ uile ḋuine ’san bparáiste—do ḃí, mar adeireaḋ na coṁarsain, earball fada aca—agus ar maidin lá ar n-a ḃáraċ do ḃí coiṁṫionól mór bailiġṫe timċioll an tiġe, réiḋ ċun dul ’san tsoċraide. Do ḃí siad go léir ag cur síos agus ag bíodán mar ġeall ar an “sgairt” do leig Doṁnall as ag an tóraṁ an lá roiṁe sin; aċt níor ḃ’ḟada gur ṫáinig sé féin ar an ḃfód. Do ṡiuḃal sé isteaċ i measg na ndaoine agus do ċongḃaiġ sé suas a ċeann, mar do ḃí ’ḟios aige go raiḃ siad ag á ġearraḋ ċoṁ mín le tobac. Do ḃeannuiġ cuid aca ḋo, aċt do ḃí doiċeall ar ċuid eile aca, agus d’ iompuiġ siad a gcúl air; aċt níor ḃac sé leo.

“Cad d’éiriġ ḋuit indé nó cad do ḋein tú?” ar Peadar Bacaċ, “Naċ mór an díċéille do ḃí ort, a Ḋoṁnaill? Tá tú fá ḋroċ-ṁeas annso indiu.”

“Naċ cuma ḋuit anois, a Ṗeadair?” ar Doṁnall. “Fá ḋroċ-ṁeas adeir tú? Tá ’ḟios agut go maiṫ go ḃfuil mise annso gan spleaḋaċas dóiḃ. Aċt fan go fóil agus feicfiḋ tú go mbeiḋ an-ḃáiḋ aca liom ar ball: ná bí as an tsliġe. B’ḟéidir go mbeiḋ sé i gcumus duit congnaḋ do ṫaḃairt dom.”

D’imṫiġ Doṁnall isteaċ ’san teaċ annsan, agus d’ḟág sé Peadar ag seasaṁ amuiġ ag beinn an tiġe, ag feuċaint ’n-a ḋiaiḋ agus ag craṫaḋ a ċinn.

“Congnaḋ do ṫabairt do, an n-eaḋ? cad ’n-a ṫaoiḃ airiú? Ó, tá an diaḃal ṡiar air indiu; buaileann sé an “dá ’Liam Dacson” amaċ ’s amaċ; go ḃfóiriḋ mo Ṫiġearna Dia ort, a Ḋoṁnaill!”

Nuair do ċuaiḋ Doṁnall isteaċ, do ḃuail se a ḋruim leis an teine agus d’ḟeuċ sé go géur ar an “nġaisgiḋeaċ,” aċt an t-am so do ḃrúiġ sé an gáire faoi le hobair ṁóir, agus do ċongḃuiġ sé istiġ í; aċt ar a ṡon sin féin, do ḃí smigeaḋ ag briseaḋ amaċ ar a ṡúiliḃ.

D’iarr sé ar ṡean-ḃean do ḃí ’n-a suiḋe ar a gruga ag an teine cia an t-am do ḃeiḋeaḋ an leanaḃ réiḋ ċun dul ’san ċoṁra, agus duḃairt sí, i gceann leaṫ-uaire eile nó mar sin.

“Tá sé i n’am doṁsa tosnuġaḋ, is dóiġ liom,” ar Doṁnall agus do ċaiṫ sé súil isteaċ ar an gcliaḃán.

Do ċuaiḋ sé amaċ annsan agus do ṫug sé isteaċ cliaḃ mór móna, agus ċiḋ go raiḃ teine ṁaiṫ ṡíos ċeana, do ċuir sé síos an ṁóin agus níor ḃ’ḟada go raiḃ na daoine ag cur alluis leis an meud teasa do ḃí aisti. Níor ċuir Miċeál suim ar biṫ ann, mar do ḃí sé dearg-cínnte go raiḃ Doṁnall boċt éadtrom, aċt duḃairt sé leis na mnáiḃ do ḃí istiġ, an leanaḃ do ċur i gcóir le haġaiḋ na soċraide.

D’ḟosguil Doṁnall an dá ḋóirse agus