ṫarruing sé amaċ an teine ar nós go raiḃ poll mór taoiḃ ṡiar de, agus annsan, duḃairt sé leis na daoiniḃ do ḃí ag déanaḋ iongantais de:
“Tá siḃse go léir ’am’ ṁasluġaḋ agus ag bíodán orm-sa ó ṁaidin indé. Tá siḃ cinnte go ḃfuilim imṫiġṫe as mo ċéill, aċt ní’lim, buiḋeaċas le Dia! Agus anois a Ṁiċíl Uí Ċonċuḃair, feuċ ar an rud atá fá ṫóraṁ annso agut!”
Leis sin do ṫug sé iarraċt ċun greim d’faġáil ar an “ngaisgiḋeaċ” aċt do ḃí sé sin ro-ṫapaiḋ ḋo, agus ar dúnaḋ do ṡúl, do ḋein sé gearrḟiaḋ duḃ ḋe féin, agus le sgread uaṫḃásaċ d’airiġ na daoine míle ó ḃaile, do léim sé as an gcliaḃán, agus amaċ leis ar an ndorus mar síḋe gaoiṫe agus an madraḋ ’na ḋiaiḋ agus na buaċailliḋe óga ’na ḋiaiḋ sin aríst. Aċt do ṫug an gearrḟiaḋ na cosa uaṫa go léir agus ní ḟaca siad ní ba ṁó é. Is dóċa gur ċuir sé leiṫead an ċúntae idir é féin agus Doṁnall go háiriġṫe.
Níor airiġ aonduine riaṁ a leiṫéide gleó a’s do ḃí, nuair léim an gearrḟiaḋ imeasg na mban. Ṫosnuiġ siad ag sgreadaoil agus do ċuaiḋ cuid aca i luige. Do ṡaoil na daoine amuiġ go raiḃ Doṁnall ag éirġe níos measa, agus go raiḃ sé ag marḃaḋ na mban; agus nuair do riṫ siad isteaċ ċun réitiġ do ḋeanaḋ, fuair siad an cliaḃán follaṁ agus Miċeál agus greim aige ar Ḋoṁnall agus é ag iarraiḋ air ar son anama a aṫar, cá raiḃ a leanaḃ.
“B’ḟurusd’ aiṫint’,” aduḃairt Peadar Bacaċ, “go raiḃ níos mó eolas aige ná leig sé air i dtaoiḃ an ruda gránna sin do riṫ amaċ ó ċianaiḃ. Agus anois, a Ḋoṁnaill, má tá aon tuaraisg agut ar leanaḃ Ṁiċíl Uí Ċonċuḃair, taḃair uait é agus beannaċt Dé ort! ’Ḃfuil ’ḟios agut cá ḃfuil an leanaḃ?”
“B’ḟéidir go ḃfuil agus b’ḟéidir ná fuil. Aċt fan go socair anois go ḃfeicfiḋ mé.”
D’imṫiġ sé amaċ agus do ċuir sé teaċtaire fá ḋéin a ṁáṫar agus an leanaiḃ agus ṫáinig sí gan ṁoill. Do ṫóg Doṁnall an leanaḃ ó n-a ṁáṫair ag an dorus, agus do ṫaisbeán sé dos-na daoiniḃ é. Do ṫug an ṁáṫair ḃoċt léim as a corp le háṫas, agus is iongantaċ na’r ṁúċ sí an créatuirín; agus ar an taoiḃ eile, do ḃí Miċeál ag pógaḋ agus ag craṫad láṁ le Doṁnall agus ag taḃairt buiḋeaċais do agus leiṫ-sgeul i dtaoiḃ na droċ-ḃaraṁala do ḃí aige air.
B’éigin do Ḋoṁnall annsan an sgeul do innsint ó ṫus go deireaḋ, agus ’nuair do ḃí sé críoċnuiġṫe, i n-ionad tóraiṁ agus soċraide, is bainḟeis do ḃí aca.
D’ḟás an leanaḃ suas agus deineaḋ fear breaġ láidir ḋe, agus do ḃí sé ċoṁ ceanaṁail ar Ḋoṁnall a’s do ḃí sé ar a aṫair féin. ’Nuair do ṫáinig an droċ-aimsir, do briseaḋ Miċeál O’Conċubair as a ċuid talṁan agus d’imṫiġ sé féin agus a ḃean agus Miċeál Óg—sé sin an mac—anonn go h-Americá, agus bliaḋain nó ḋó ’na ḋiaiḋ sin, ’nuair do ċuir sé an ḃean aosda do lean Doṁnall iad agas do ṫug siad congnaḋ d’á ċéile ċun maraċdáil ’san tír sin. Do ḃí an t-áḋ orṫa. Tá Miċeál Óg indiu agus é gan uireasḃuiḋ an tsaoġail air. Tá sé ċoṁ saiḋḃir le prionnsa agus ní’l greim ar biṫ ar an airgiod aige. Níor iompuiġ sé a ċul riaṁ ar aonduine ó ċúntae an Ċláir agus bíḋeann céad míle fáilte aige roiṁ na daoiniḃ a ṫéiġeann anonn ó’n taoiḃ so. Deir siad go mbeiḋ sé ag teaċt aḃaile an ḃliaḋain so ċugainn ċun aon raḋarc aṁáin d’ḟaġáil, sul a ḃfaġaḋ sé bás, ar an áit ann ar ḃain Doṁnall é de na mnáiḃ Siḋe.
Níor ṗós Doṁnall riaṁ. Tá sé curṫa le tamall maiṫ anois, agus ar an leaċt do ċuir Míċeál Óg ós a ċeann tá na focail so le feiscint:
Doṁnall O’Laoġaire
An fear do ḃuail na Daoine Maiṫe.
(Críoċ).