V.
’Nuair fuair mé gaċ cineál d’ár ḟóir, ’sé
ṁeas mé nár ċóir dam suiḋe;
’Sé aduḃairt sí, “Bí ṫusa gaḃáil ċeóil, ’s
ní ṫiucfaiḋ ort feóirling do ḋíol.”
Ní raiḃ mise a ḃfad ag gaḃáil ċeóil, gur
ċruinniġ an t-aos óg ’san tiġ,
Gaċ duine ’s a ġlaine ’n-a ḋorn, le coṁarṫa
ṫaḃairt do ’n dís.
VI.
Ḃí biotáille fairsing ar ḃórd, ’gus beagán
dá ól ’san tír;
Dá n-ólainn-se galún Uí Ḋoṁnaill, b’
ḟurus mo scór do ḋíol;
’Nuair do ṡocruiġeamar coṫrom an scóir,
’sé d’ḟiafraiġ an óigḃean díom,
“Ca háit i mbíonn tú ag coṁnaiḋe, nó an
gcongḃaiġeann tú cró ḋuit féin?”
VII.
“’Nuair ḃím-se seal i dtiġ an óil, ní
ḋeanaim-se lón do ’n ṗiġinn;
“An meud úd a ṡaoṫru(iġ)im ’san ló,
caiṫim le spórt ’san oiḋ’e.”
“Ní ḟóireann sé duine dod’ seórt tosuġaḋ
le buaiḋreaḋ an tsaoġail;
“Is fearr dúinn-ne fanaṁaint go fóil, go
ndeanfamuis lón araon.”
VIII.
“Le fanaṁaint go ndeanfamuis lón, do
caiṫfiḋe cuid ṁór d’ ár saoġal;
“Is fearr dúinn-ne toiseaċ go h-óg a’s
beiḋ cuidiuġaḋ d’ár gcoḃair arís;
“Lean tusa mise ’san ród, ’s ní heagal
duit buaiḋreaḋ an tsaoġail—
“Mise ḃeiṫ ’cruinniuġaḋ an lóin, a’s ġeaḃa
tusa do lóistín saor.”
IX.
“Dá leanainn-se ṫusa ’san ród, buḋ ġoirid
go dtógfá ḋíom,
“Go dtoiseóċṫá ag imirt ’s ag ól, ’s buḋ
ġoirid buḋ lón ṫú féin;
“Aċt fan ar an ḃaile ’mo ċoṁair, ’s beiḋ
mé ar an nós leat féin;
“Ġeaḃa tusa talaṁ go leór ⁊ mise go
deóiḋ mar ṁnaoi.”
X.
Ní ḟeudaim í ṁolaḋ le feoḃas; ’sí ṁearaiġ
go mór mo croiḋe;
Ní ’l duine dá ḃfeicfeaḋ an seód naċ
dtuitfeaḋ go mór ag caoi.
Ní ḟaca mé a leiṫeid go fóil i mbealaċ a
ġaḃaim ’san tsliġiḋ;
Dá ḃfeicfiḋe í i mBaile na Mór, ḃeiḋeaḋ
cailíní óga ar ṗiġinn!
Gluais ar an Aḃrán ṡuas.
Dob’ é uġdar an aḃráin so Peadar Breaṫnaċ, táilliúir do ḃí i n-a ċoṁnaiḋe leaṫ-ċeud bliaḋan ó ṡoin i mBaile na Mór i gCondae Ḋúin na n-Gall, áit ṫar a dtig sé ’san ḃfearsa déiḋeanaċ. Fuaras ó ṁnaoi é darab ainm Máire Níc Conaċáin, ċoṁnaiġeas i nAlt an Dois, i nGleann na Suiliġe, ’san gCondae gceudna. Dá ṁeud dá ṁaoiḋtear filiḋeaċt Ṁuṁan nó Ċonnaċt, measaim féin naċ gcualas riaṁ dán ba ḃinne briaṫra ná ba ċeólṁaire clóḋ ioná é so.
Stanza 1.— | Breaṫn’ainn = breaṫnóċainn: for similar shortenings peculiar to the Ulster dialect, compare stanza 6, socr’amar, stanza 7, ṡaoṫru’im; and congḃuiġeann in stanzas 4 and 6, to be pronounced coinn’eann; Tír Mhór = the mainland. |
„ 2.— | Ghlac mé go mór = I took seriously.
|
„ 3.— | Mur = muna; os coinne mo ṡróna = before my nose, straight on; ’un = ċum.
|
„ 4.— | Gaḃ ṫusa = go you; rapáil = rap, from the English; Fuair mé = I got, reached; faiteaċ = timid, reluctant; faitċeas in Donegal means bashfulness, &c.; eagla means fear. Cf. faiteċ, careful, faitċeas, caution. Passions and Homilies. Féin is pronounced fín in this and following stanzas.
|
„ 5.— | Gaḃáil ċeóil, taking music, singing; coṁarṫa, a sign (of respect).
|
„ 6.— | Galún Ui Dhoṁnaill, O’Donnell’s gallon, doubtless a proverbial measure among the people; coṫrom, balance.
|