Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/190

This page has been proofread.
180
THE GAELIC JOURNAL.

SEAḊNA.

(Ar leanaṁaint)

“B’ḟéidir go ḃfeadfainn an easgaine ḃaint díoḃ, d’éis é féin dá cur orra le lán-ċroiḋe,’ arsa an fear duḃ go searḃ. “Naċ aige ḃeiḋeaḋ an spórt orra!—Cá ḃfuil an spórt anois?”

“Tá an sport go haindeis anois adṁuiġin,” arsa Seaḋna, “aċt má tá féin ní duit-se is cóir é ċásaṁ’ liom.[1] Is dóċa ná’r ḋeinis féin botún[2] riaṁ. Cia hí an ḃean uasal úd a ṁill tú?”

“Stad! stad! A Ṡeaḋna, caiṫimís uainn é mar ḃotún. Bainfeadsa an easgaine ḋíoḃ so ḋuit ar ċoingioll ná tráċtfair ċoiḋċe le haoinne beo ’ná marḃ ar an margaḋ so atá déanta agat féin ⁊ agam-sa le ċéile.”

“Bíoḋ do ċoinġíoll agat ⁊ fáilte,” arsa Seaḋna. “Geallaim ḋuit ná fuil aon ḟonn orm-sa tráċt air le haoinne. Is aṁlaiḋ ḃí eagla orm go mbeiṫfeá (= mbeiḋṫeá) ag caidiráil[3] le duine eigin mar ġeall air. Aċt má tá dúil agat sinn araon do ċoimeád rúin air,[4] táim-se lán tsásda”.

D’imṫiġ an fear duḃ suas ⁊ ċrom sé síos i n-aice na caṫaoireaċ, ⁊ le hórdóig a láiṁe deise ḋein sé fáinne ar an dtalaṁ ’na ṫimċeall, ⁊ ṫug Seaḋna fé n-deara gur eiriġ, as an áit ’nar ċuimil an órdóg do’n talaṁ, gal mar gal teineaḋ, ⁊ gur ḋein an órdóg rian ar an dtalaṁ mar ḋéanfaḋ bior dearg iarainn. d’eiriġ sé annsan ⁊ ḋein sé suas ar an mealḃóig ⁊ ḋein sé fáinne ’na ṫímċioll ar an ḃfalla, ⁊ ṫáinig an gal céadna as an ḃfalla, ⁊ d’ḟan an rian ceadna ’na ḋiaiḋ air. An ḟaid do ḃí sé ar a ċromaḋ, ṫug Seaḋna feuċaint ġéar ar an earball, mar ḃí coṁṫrom aige. Ċonnaic sé amuiċ ’na ḃárr ionga ṁór, ḟada ċam, téagarṫa, ⁊ bior niṁe airri, ⁊ í dá síor-ċasaḋ féin anonn ’sanall, anonn ’sanall, mar ḃeiḋeaḋ bárr earbaill cait ⁊ é ag faire ar luiċ.

“Dar fiaḋ! a ḃreanaiġ,” arsa Seaḋna i n-a aigne féin, “má ḃíonn toċas ort,[5] ní beiḋ diṫ ingne ort.”

Ċoṁ maiṫ ⁊ dá laḃarfaḋ (= laiḃeoraḋ) Seaḋna, ṫóg an fear duḃ a ċeann ⁊ d’ḟeuċ sé air. “Seaċain an ionga san,” ar seision, le heagla go mbainfeaḋ sí an toċas díot-sa ⁊ go gcuirfeaḋ sí teinneas i n-ionad an toċais ort. Imṫiġ suas anois ⁊ aistriġ an ċaṫaoir.

D’imṫiġ Seaḋna suas ⁊ is é a ḃi go creaṫánaċ. Ċuir sé láṁ go haicilliḋe airri, ⁊ má ċuir, siúd leis í cóṁ éasgaiḋ ⁊ ḃog sí riaṁ leis. Ċuir sé láṁ ar an mealbóig, ⁊ túisge a ċuir ’ná ċorruiġ sí anonn ’sanall fá’n ḟalla. D’ḟeuċ sé ar an ḃfear nduḃ. “O! a ḋuine uasail,” ar seisíon, “táim ana-ḃuiḋeaċ díot! O! O! O! go mbuaiḋiḋ dia go hárd leat, ⁊ a ṁáṫair ḃeannuiġṫe!”

Oiḋe! a ḋaoine, ṁ’áran ⁊ ṁ’anama! ċóṁ luaṫ ⁊ ṫáinig an focal san as béal Seaḋna, d’aṫruiġ an fear duḃ. Ṫóg sé suas a dá láiṁ ċóṁ hárd leis na haḋarcaiḃ. Ṫáinig lasair ġorm as a ṡúiliḃ. Do rínc an ċrúb. D’eíriġ an tearball, do ṡín an iongna, ⁊ ċuir sé ana-ḃúir as mar ċuirfeaḋ leoṁan buile. Do ṫosnuiġ an ḃúir sin le drantuġaḋ ⁊ do ḃorr ⁊ do neartuiġ airri,[6] gur ċriṫ an t-úrlár, gur ċriṫ an tiġ, gur ċriṫ an sliaḃ mór-ṫímċeall. Nuair ċonnairc Seaḋna an t-aṫruġaḋ ⁊ nuair airiġ sé fuaim ⁊ neart na búire sin ag borraḋ ⁊ ag árduġaḋ, do ḋein an tiġ ballabáisin ’na ṫimċeall, ṫáinig sgamall os cóṁair a ṡúl ⁊ do ṫuit sé ’na ċnapán[7] ar an úrlár gan aiṫne, gan úrlaḃra.[8]

Síle. O! A Ṗeg, ċím é, ċím é, O! O! O!

Peg. Eist! eist! a Ṡíle a laoiġ. Cad a ċíonn tú?

Síle. O! Fear na n-aḋarc, fear na n-aḋarc. Cad ḋéanfad! cad ḋeanfad! O!

Cáit. Aireóċaid na cóṁursain í. Eist a Ṡíle, mo ġráḋ í sin!