Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/228

This page has been proofread.
20
THE GAELIC JOURNAL.

mála. An ḃfuil Cormac ag obair anois? Atá; atá sé ag cur caoi ar an teaċ, atá sé ag cur tuiġe air, mar atá an aimsir fuar, fliuċ. Nuair ḃí an ḃean ḃoċt ag cur caoi ar an áit, fuair sí an t-airgead ins an tuiġe. Feuċ an duine sin; atá airgead aige orm, agus ní’l piġinn in mo ṗóca anois.

522. Atá caoi ṁaiṫ ar Aoḋ, Hugh is in good circumstances. Ní’l caoi (or dóiġ) ar Niall, Niall is not well off, is in a bad wav.

523. Ḃí Doṁnall boċt, aċt atá caoi ṁaiṫ air anois. An ḃfuil Nóra saiḋḃir? Ní’l; atá muiriġin ṁór uirri, agus atá cíos mór, trom, ar an talaṁ atá aici. Feuċ an t-iolar ṡuas ins an spéir!

524. The water is dark blue in colour (say, there is a dark blue colour on the water). This lamb is white, Nora is repairing the spinning-wheel, and Dermot is mending the stool. This chair is broken, and James is mending it (ag cur caoi uirri). See the lamb that is in the meadow. See the turf (Wōn) that is on the floor, it () is soft and heavy. Do not leave the broken stool outside; leave the stool inside and mend it. I owe Cormac a shilling.


SÉAḊNA.

(ar leanaṁaint)

Ar maidin lá ar n-a ḃáireaċ, do ġluais sé go moċ ag dul ar an aonaċ go gceannóċaḋ sé capall ⁊ bó ḃainne. Ba ġeárr gur ḃuaileadar na coṁursain uime.[1] “Airiú, a Ṡéadna, cad d’imṫiġ um ṫráṫnóna indé ort?” arsa duine aca. “Ċeapamair go léir gur b’aṁlaiḋ ṫuit caor ar do ṫiġ ⁊ go raḃais loisgṫe id’ḃeaṫaiḋ. Níor airiġeas riaṁ a leiṫéid de ṫóirniġ.” “Tá an éagcóir agat,”[2] arsa duine eile. “Níor ṫóirneaċ é aċt búirḟeaċ mar ġéimreaċ ṫairḃ.” “Éist do ḃeul,”[3] arsa an tríoṁaḋ duine. “Cá ḃfuil an tarḃ d’ ḟeudfaḋ an ḃúir úd do ċur as?” “Do ḃíos-sa,” ars an ceaṫraṁaḋ duine, “im ṡuiḋe i mullaċ Carraige an Éiḋneáin ⁊ ḃí raḋarc agam ar an dtiġ ⁊ ’nuair airiġeas an foṫrom go léir d’ḟeuċas anonn ⁊ ċonnarc mar ḃeiḋeaḋ fiolar[4] ⁊ graṫain ċíorduḃ ṗréaċán ag éiriġe i n-áirde sa’ spéir ⁊ ḃí iongnaḋ orm a ráḋ go ḃfeudfaidís a leiṫéid d’ḟoṫrom do ḋéanaṁ.

Ṫiomáineadar leo ar an gcuma-sain, ag caint ⁊ ag áiteaṁ ⁊ ag cur ṫré ċéile, ⁊ níor laḃair Séaḋna focal. Ċoiṁeádadar an ċaint ċúca féin ⁊ níor ṁór leis dóiḃ[5] é. Ní raiḃ dúil ar biṫ aige i gcaint, le heagla go sleaṁnóċaḋ aon ḟocal uaiḋ do osglóċaḋ (= oisgeolaḋ) a aigneaḋ. Dá éagṁuis sin ⁊ uile,[6] ḃí fáṫ maċtnaiṁ aige a ċoimeád ar siuḃal é. Ḃí sé ag cuiṁneaṁ ar an gcapall ⁊ ar an mbuin ⁊ ar cad ḋéarfaidís na comarsain uile nuair ċífidís ar marcuiġeaċt é. D’ḟiarḟóċaidís cá ḃfuair sé an t-airgiod. Cá é an leaṫ-sgeul a ḃeiḋeaḋ aige le taḃairt uaiḋ?[7]

’Nuair do roiċeadar páirc an aonaiġ ⁊ ċonnairc Séaḋna na capaill go léir, do ṫáinig mearḃall air, ⁊ ní ḟeadair sé cad baḋ ṁaiṫ do ḋeunaṁ. Ḃí capaill ṁóra ann ⁊ capaill ḃeaga, sean ċapaill ⁊ capaill óga, capaill ḋuḃa ⁊ capaill ḃána, capaill ġlasa ⁊ capaill ḃreaca, capaill ag siosaraiġ ⁊ capaill ag léimriġ, capaill a ḃí go deaġ-ċroicinn groiḋe cumusaċ[8] ⁊ braimíniḋe gránda gioballaċa. Eatorra uile go léir, ḃí sé ag teip air go glan a aigneaḋ do ṡocruġaḋ ar an gceann do ṫaitneóċaḋ leis. Fé ḋeire, do leig sé a ṡúil ar ċapall deas ċíor-ḋuḃ a ḃí go fuinte fáisgṫe[9] ag falaraċd ar fauid na páirce ⁊ marcaċ éadrom lúṫṁar ar a ṁuin. Ḋruid Séaḋna suas, ⁊ do ḃagair ar an marcaċ. Sul a raiḃ uain ag an marcaċ é ṫaḃairt fé ndeara, do ġluaiseadar triúr marcaċ eile ṫairis amaċ, ⁊ ġluaiseadar a gceaṫrar[10] an ṗáirc siar ar a léim-lúṫ.[11] Ḃí claiḋe dúbalta idir iad ⁊ an ṗairc amuiċ,[12] ⁊ d’imṫiġeadar a gceaṫrar go héasguiḋ éadrom seólta de ḋruim an ċlaiḋe sin, gan bárr coise tosaiġ ná deiriḋ do ċur ann. Siúd ar aġaiḋ iad go lom díreaċ[13] ⁊ gan

  1.  
  2.  
  3.  
  4.  
  5.  
  6.  
  7.  
  8.  
  9.  
  10.  
  11.  
  12.  
  13.