24. Is feárr an troid ’ná an t-uaigneas.
25. Imṫiġeann riṫ focail air ṡagart na próisde (parráisde).
26. Is minic cú ṁall sona.
27. Is deacair an girrḟiaḋ do ċur as an dtor naċ beiḋ sé.
28. Is anaṁ iasg aige (ag) liarnaiḋ(iḃ) díoṁaoine.
29. Is feárr sioc ’ná síor-ḃáisdeaċ.
30. Is maiṫ an t-anncoire an t-aḋarta.
31. Is feárr an t-eun tá ’san láiṁ ’ná an t-eun tá air an g-craoiḃ.
32. Is milis d’á ól é, searḃ d’á ḋíol é.
33. Is báiḋeaṁail iad luċt aon ċine no céirde.
34. Is feárr an cú ḃiḋeann ’san t-siuḃal ’ná an cú ḃiḋeann i lúib.
35. Is geal leis an ḃfiaċ duḃ a ġarcaċ (ġearrcaċ).
36. Is giorra caḃair Dé ’ná an doras.
37. | Lomann broid cineál. | ||
Lomann lom coinġioll. |
38. Ní sia gob an ġanndail ’ná gob an ġéiḋ.
39. Ní ṫéiḋeann roġa ó’n réiḋteaċ.
40. ’Nuair ṫéiḋeann an gaḃar ’un teampaill ní stadann go h-altóir.
41. Ní ḃiḋeann an raṫ aċt mar a m-biḋeann an smaċt.
42. Ní creidtear an ḟírinne ó’n duine breugaċ.
43. Ní luġa frig (i.e., friġid, a fleshworm) ’ná máṫair an uilc.
44. Ní feárr biaḋ ná ciall.
45. Ní liaċta ísleán sona ann ’ná árdán dona ann, mar duḃairt an fear le píopán an ġanndail.
46. Ní baoġal ḋuit an madra sgaṁaiġ ort.
47. ’Nuair is mó an anaċain ’seaḋ is giorra an ċaḃair.
48. Ní’l maiṫ i seanċus ’nuair tá an anaċain deunta.
49. Ní ualaċ do ḋuine a ḃrat.
50. Ní ḃiḋeann saoi gan loċt.
51. Ní ḃeaṫuiġeann na briaṫra na bráiṫre.
52. Ní ḃiḋeann treun buan.
53. Ní ḃriseann focal maiṫ fiacail.
54. Seaċain an droċ-ḋuine a’s ní baoġal duit an duine macánta.
55. Tuigeann fear léiġinn leaṫ-ḟocal.
56. Múineann gáḃaḋ seift (siḃte).
57. Ní gnáṫaċ fear náireaċ éadálaċ.
58. An té go (= ’gá) m-biḋeann an raṫ air féin biḋeann sé air a ċuid gabáiste.
59. An té go (i.e., ’ga) d-téiḋeann teist na moċóirġe (moiċéirġe) amaċ air ní cás do codlaḋ go eadarṫraṫ.
60. Sia ṫéiḋeann an t-éiṫeaċ ’ná an ḟírinne’
61. Aiṫneann an donus a ḋuine féin.
62. An té go (= ’g-a) mbiḋeann an ḃróg a luiġe air is do is cirte í sgaoileaḋ.
63. A anam féin ar ġualainn gaċ aon duine, beireaḋ leis no fágḃaḋ.
64. Bád gan stiuir no cú gan earball.
65. Biḋeann blas milils ar ṗorsaċ (ṗairseaċ, ṗraiseaċ) ’na coṁursan.
I.
66. Tosaċ luinge clár,
Tosaċ áiṫe cloċa,
Tosaċ flaṫa fáilte,
Tosaċ sláinte codlaḋ.
II.
Deireaḋ luinge í ḃáṫaḋ,
Deireaḋ áiṫe í losgaḋ,
Deireaḋ flaṫa cáineaḋ,
Deireaḋ sláinte osnaḋ.
[Do ḃí an seanḟocal so do réir mar tá sé i gCúige Ċonnaċt curṫa i gcló ċeana ag an gCanonaċ Uileog de Búrc, ⁊ é beagnaċ ar an nós céadna. Do ċuireas féin ’san Irisleaḃar, U. 48, an dara cuid de, mar tá sé i gContae Árdṁaċa—S.L.]
67. Coṁangar (coṁgar) ċum an ḃiḋ ⁊ móirtimċioll ċum na h-oibre.
68.
Céalacan fada ⁊ easba na m-bróg,
Déinid siad seanduine do’n té ḃiḋeann óg.
69. Faġtar gaċ laoċ in aisge.
70. Má’s maiṫ molfar.
71. Má táimse buiḋe tá croiḋe geal agam.