Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/27

This page has been proofread.
23
THE GAELIC JOURNAL.

[Fuaras féin an seanráḋ so ar ṁoḋ eile i ndán do sgríoḃas síos in áit atá i ngar do na Ceallaiḃ Beaga i gContae Ḋúin-na-nGall .i. Cé gur buiḋe mé tá croiḋe agam is gile ’ná an ċailc.—S.L.]

72. Má tá bean-an-tiġe tinn níor ċaill sí a goile.

73. Mar (muna) mbiḋir i dtiġ an ḃiḋ,
Bí ins an tiġ le n-a taoiḃ.

74. Mian amadáin díoṁaointeas.

75. Ní ḟaġann sagart balḃ beaṫa.

76. Ní ḃiḋeann ó’n ḃfear sona aċt é ḃreiṫ.

77. ’Nuair ḃiḋeann an cat amuiġ biḋeann an luċ ag rinnce.

78. ’Nuair is cruaiḋ do’n ċailliġ caiṫfiḋ sí riṫ.

79. ’Nuair is dóiġ le duine é ḃeiṫ go deas ’seaḋ ḃiḋeann sé ’na ċleas margaiḋ.

80. Ní coingḃiġtear tiġ gan teanga.

81. ’Nuair a raġair ’un Róiṁ bí ad’ Róṁánaċ leo.

82. Ní ċeileann meisge rún.

83. Ní ḟéadann an gobaċán an dá ṫráiġ do ṫaḃairt leis.

[I gConnaċtaiḃ ar an moḋ’ so .i. Ní ṫig leis an ngobadán dá ṫráiġ do ḟreasdal.—S.L.]

84. Ní i gcoṁnuiḋe ḃiḋeann Doṁnall buiḋe ḋ’á ṗósaḋ.

85. Ní’l léiġeas ar an ċaṫuġaḋ aċt é ṁarḃuġaḋ le foiġne.

86. Is feárr riṫ maiṫ ’ná droiċ-ṡeasaṁ.

87. Is furus féasóg an leoṁain a staṫaḋ ’nuair ḃiḋeann sé ’n-a ċodlaḋ.

88. Is feárr cóir ’ná dul ċum dliġe.

89. Tárlann na daoine ar a ċéile,
Aċt ní ṫárlann na cnuic ’ná na sléiḃte.

90. Tart deireaḋ an óil, ⁊ brón deireaḋ an ġráḋa.

91. Teaċtaire an ḟiaiċ (ḟéiċ) ó’n Airc.

92. Taḃair do’n ġárlaċ, ⁊ tiocfaiḋ sé amáraċ.

93. Sgata ban no sgata géanna.

94. Is maiṫ an tiománaiḋe an té ḃiḋeann ar an ċloiḋe.

95. Is feárr míne ’ná borbraċt.

96. Aiṫneann na h-aingil a ċéile.

97. Is dóiġ le fear na buile gurb é féin fear na céille.

98. Seaċain tiġ an táiḃirne no is báirniġ is beaṫa ḋuit.

99. Ní déiġionaċ í an ṁaiṫ aonuair.

100. Is olc an goile naċ téiṫeann a cuid.

101. Biḋeann an óige ar buile.

102. An té ḃiḋeann suas óltar deoċ air,
An té ḃiḋeann síos luiġtear cos air.

103. Do ḟear gan náire is fusa a ġnó ḋéanam.

104. Duine gan stór a ġlór ní meastar a
ċéill,
Duine gan stór ar cóisir ní bactaṫar é,
Duine gan stór ní’l gnó aige a’
caiṫeaṁ ná glaoḋaċ,
A’s duine gan stór biḋeann sé ’n-a
spórt aige (ag) aindeisí’ an t-saoġail.

(Bactaṫar = bactar or bacṫar, pres. pass. of bac, heed, mind. Ná bac é = ná bac leis, don’t mind him).

105. Ní truime ar loċ an laċa,
Ní truime ar eaċ a ṡrian,
Ní truime ar caora a h-olann,
Ní truime ar colann ciall.

106. An duine saiḋḃir ag déanaṁ grinn,
Deirid uile gur binn a ġlór,
Aċt is seirḃe ’ná an searḃán goirt,
An duine boċt ag déanaṁ ceoil.

107. Ní ḃiḋeann na slisneaċa aċt mar a leagtar an crann.

108. Ar an obair ṫagann an ḟoġlaim.

109. ’Nuair is gainne an biaḋ ’seaḋ is cirte é roinnt.

Notes are invited on aḋarta, No. 30; and sgaṁaiġ, No. 46.)


Translation.

1. What happens seldom is wonderful.

2. He who does not pity your complaint, do not complain to him.

3. The cow which has the loudest bellowing, has the slenderest tail.