Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/370

This page has not been proofread.
162
THE GAELIC JOURNAL.

SÉADNA.

(Ar leanaṁaint.)

Cáit. Dá mbeiḋinn i gcás Ḋiarmuda, déarfainn léi “main do ḋeór nár ċuirir díot!”

Peg. Ní ḟeadar, a Ċáit. B’ḟéidir dá mbeiteá i gcás Ḋiarmuda, nár ḃ’ḟearra ḋuit rud do ḋeunfá ná an rud do ḋein seisean. Is é is dóiċiġe gurab aige b’ ḟearr a ḟios cad baḋ ċeart do ḋéanaṁ.

Cáit. An stiúsaiḋe! Is beag orm í.

Gob. Ar airiġ Máire Ġearra, a Ṗeg?

Peg. An Doṁnaċ a ḃí ċuġainn, do ḃí sí ag caint le máṫair Ṁiċíl, ⁊ fuair sí tuairisg ag sgéil díreaċ fé mar ṫuit sé amaċ. Do ḃí áṫas mór go léir uirṫi ’nuair ṫuig sí gur ṫug sé an t-airgead uaiḋ ar son an tSlánuiġṫeóra. “Agus,” ar sisi, “tá súil agam anois go dtuillfiḋ Miceal an t-airgead sain ċoṁ macánta ⁊ dá mbaḋ ná beiḋeaḋ sé faġálta roiṁ ré aige.”

“Dóṁaise,” ars’ an ḃaintreaċ, “sin é iongnaḋ an sgéil ar fad. Nuair a ḃí sé ag díol na ḃfear araoir, do ṡín sé punt ċum Micil mar ba ġnáṫ. “Ó!” arsa Miceal, ’táim-se díolta ċeana.’ ’Glac é sin uaim,’ arsa Séadna, ⁊ b’éigin do.”

“Seaḋ,” arsa Máire Ġearra, “ḃídís ḋá ráḋ ná raiḃ creideaṁ ag Séadna. Bíoḋ sain mar ċoṁarṫa acu air!”

“Creideaṁ?” ars’ an ḃaintreaċ. “Ní ḟeaca a leiṫéid riaṁ. Dá mairinn míle bliaḋan, ní ċuirfinn as mo ċeann an ḟeuċaint a ṫug sé orm ’nuair aḋuḃairt sé an focal ⁊ é ag síneaḋ an airgid ċuġam. “Ar son an tSlánuiġṫeóra,” ar seisean, ⁊ ’nuair’ ḟeuċas suas air, ḃí an dá ṡúil aige dá gcur tríom, i dtreó go dtáinig iarraċt d’anḟaḋ orm naċ ḃféadfainn a innsint duit.”

“Éist, a óinsiġ,” arsa Máire. “Cad ba ġáḋ an t-anfaḋ?”

“Ó, leig dom féin, a Ṁáire. Is aṁlaiḋ mar atá ag sgeul, dá ḃfeuċainn i gcoinniḃ a ṡúl an dara huair, do ṫuitfinn,” arsan ḃaintreaċ.

“A Ṡioḃán!” arsa Máire Ġearra.

“Teaċt, a Ṁáire,” arsa Sioḃán.

“Tá rún agam le taḃairt duit,” ar sisi, ⁊ do ḃí creaṫán ’na ballaiḃ ⁊ ’na guṫ.

“Ná bíoḋ ceisd ort, a Ṁáire,” arsa Sioḃán. “Coimeádfad-sa do rún, dá mbíoḋ m’anam air.”

“Tá a ḟios agam-sa go maiṫ go gcoime- ádfair, a Ṡioḃán, aċt tá níos mó agat le déanaṁ dom ’ná mo rún do ċoimeád.”

Do stad sí. Níor laḃair Sioḃán.

“Ḃíos tamall dem’ṡaoġal, a Ṡioḃán,” ar sisi, “⁊ do ċeapas ná pósfainn ċoiḋċe.”

“Ní haon tamall mór ded’ṡaoġal atá caiṫte,” arsa Sioḃán.

“Dá luiġead é, tá sé buaḋarṫa go maiṫ le déiḋeanaiġe,” arsa Máire.

“Ní ḟeicim puinn aḋḃar buaḋarṫa agat,” arsa Sioḃán.

“Tá mo ċroiḋe dá ṡníoṁ le buaḋairt,” ar sisi.

Annsain do laḃair sí i gcogar le Sioḃán ⁊ ċaiṫeadar tréiṁse mór ag cogarnaiġ. ’Nuair ḃí an ċogarnaċ críoċnuiġṫe acu ċuaiḋ Máire a-ḃaile ⁊ ċuaiḋ Sioḃán a-ċodlaḋ. Aċt ní baoġal gur ṫuig aon neul codlata ar Ṁáire ná ar Sioḃáin an oiḋċe sin.

’Nuair d’éiriġ Sioḃán ar maidin, is í ḃí go tuirseaċ. ’Nuair ċeap sí a coiḋp do ċur ar a ceann, is ’na póca do ċuir sí é. ’Nuair ċeap sí a bróg do ċur ar a cois, is ’sa teine do ċuir sí í mar ċuirfeaḋ sí fód móna. ’Nuair ṫáinig sí ar a ġlúnaiḃ ċum na bpaidreaċa do ráḋ, do ṫeip uirṫi focal ar biṫ do ráḋ le cruinneas aċt “Go gcuiriḋ Dia ar mo leas me! Go gcuiriḋ Dia ⁊ Muire a ṁáṫair ar mo leas me!” ’Nuair ṫeasduig ó Ṁiceal a ċuid bíḋ d’ḟaġáil, ní raiḃ an biaḋ ollaṁ do. ’Nuair cuireaḋ os a ċoṁair é, ní raiḃ sé aċt leaṫ-ḃeirḃṫe. Níor leig sé aon níḋ air aċt an biaḋ do ċaiṫeaṁ ċoṁ maiṫ ⁊ d’ḟeud sé é.

“Tá rud éigin ar mo ṁáṫair,” ar seisean