i n-a aigneaḋ féin. “Ní ḟeadar ’o’n (de’n) tsaoġal cad tá ag éirġe fúiṫi. Ní héidir gurab é an báille úd a ḃeiḋeaḋ ag teaċt arís? A ṁáṫair,” ar seisean, “tá rud éigin ag déanaṁ buaḋarṫa ḋuit. An raiḃ a ṫuilleaḋ le héileaṁ ag an mbáille an lá úd?”
“Aċ! ní raiḃ, a Ṁicil, oiread ⁊ leaṫ- ṗinginn. Ní’l blúire orm aċt nár ċodlas puinn araoir.”
“Níor ḃ’ḟearra ḋuit rud a ḋéanfá anois, a ṁáṫair,” arsa Miceal, “ná dul ⁊ greas do ċodlaḋ ḋuit féin.”
“Is olc an rud codlaḋ d’ḟínn an lae, a Ṁicil,” ar sisi. “B’ḟearr do ḋuine foiḋid do ḋéanaṁ air, dá mb’ḟéidir é, i dtreó go mbeiḋeaḋ codlaḋ na hoiḋċe go maiṫ aige.”
Do ġluais Miceal suas go tiġ Ṡéadna ⁊ do luiġ ar a ġnó. Ní raiḃ dá ġreim curṫa aige, ’nuair siúd í a ṁaṫair isteaċ ’na ḋiaiḋ. Ṫóg sé a ċeann ⁊ d’ḟeuċ sé uirṫi. Ṫóg Séadna a ċeann ⁊ d’ḟeuċ sé uirṫi.
“A Ṡéadna,” ar sisi; “dá mb’é do ṫoil é, d’oirfeaḋ ḋom focal do laḃairt leat id’ aonar.”
“A Ṁicil,” arsa Séadna, “dá mbaḋ áil leat-sa bualaḋ amaċ annsain tamaillín.”
Do ḃuail Miceal amaċ ⁊ ċuir se a ḋrom le claiḋe. “Ní ḟeadar ’o’n tsaoġal,” ar seisean leis féin, “cad aṫá ag éirġe ḋi, nó cad é an fuadar é seo fúiṫi!”
Ḃí tor aitinn taoḃ leis. Ċonnaic sé ar an dtor beaċ ḃeag i n-aċrann i snáiṫ ruaḋáin alla. Do ṗreab an ruaḋán amaċ as an áit i n-a raiḃ sé i ḃfolaċ, ⁊ ṫug sé fé ḃreiṫ ar an mbeiċ mbig. ’Nuair ċonnaic sisi ag teaċt é, ċuir an sgeón dúbailt nirt innti, ⁊ do ḃris sí an snáiṫ ⁊ d’imṫiġ.
Síle. Ó am briaṫar, a Ṗeg, go ḃfeaca-sa rud mar sin ag ruaḋán alla ḋá ḋéanaṁ, aċt má ’seaḋ, ní beaċ a ḃí ’sa tsnáiṫ aċt cuil, ⁊ do rug an ruaḋán ar ċaol-drom ar an gcuil, ⁊ am briaṫar ná raiḃ aon ṁaiṫ ḋi ḃeiṫ ag croṫaḋ a cos ⁊ únḟairt.
Ċoimeád sé a ġreim ċum go raiḃ sí socair go leór. Agus annsain dá ḃfeicfeá mar ’ḟill sé ’sa tsnáiṫ í, ⁊ mar a rug sé leis isteaċ í.
Gob. Is dóċa gur ḋein sé bagún di.
Síle. Do rug sé leis í, pé i nÉirinn é.
Peg. Ní rug ruaḋán Ṁicil an ḃeaċ leis, mar d’imṫiġ sí uaiḋ, ⁊ ’nuair ċeap Miceal go raiḃ an tamaillín caiṫte, d’ḟill sé ar an dtiġ. ’Nuair ḃí sé ag déanaṁ ar an ndorus, d’airiġ sé Séadna ag ráḋ na ḃfocal so:
“Baḋ ṡaoire ḋi an bás is measa do fuair duine riaṁ, ⁊ í dá ḟaġáil seaċt n-uaire i ndiaiḋ a ċéile, ’ná mise dá pósaḋ!”
Do ċas Miceal ⁊ ċuir sé an talaṁ de sul ar airiġ sé a ṫuilleaḋ. Aċt má ċuir, ní túisge ḃí sé arís ag an dtor aitinn, ’ná d’éiriġ árd-ḟearg air.
“Is deas an obair í seo,” ar seisean i n-a aigneaḋ féin. Is leaṁ an gnó dom’ ṁáṫair teaċt annso ag déanaṁ cleaṁnais do Ṡaiḋḃ Ḋiarmuid’ Léiṫ! Fan go dtéiġead- sa a-ḃaile anoċt——”
Le n-a linn sin, do ċonnaic sé a ṁáṫair ag déanaṁ air ⁊ aġaiḋ ḃán uirṫi ar ḋaṫ an ḃáis. Preab sé ’na coinne.
“Airiú a ṁáṫair,” ar seisean, “cad tá ort?”
“Éist, éist! a ṁic ó,” ar sisi i gcogar; “ní’l aon rud orm. Imṫiġ isteaċ ċum do ġnóṫa. Táid na fir eile ag teaċt láiṫ- reaċ.”
Ċuaiḋ Miceal isteaċ. Ḃí an dorus ar dian-leaṫaḋ ⁊ gan duine istiġ roiṁe. Ḃí ionad Ṡéadna folaṁ. Do ṡuiḋ Miceal ⁊ do ṫarraing ċuige a ġnó. Ṫán’adar na fir ’na nduine ’s ’na nduine. Do ġluais an obair mar ba ġnáṫ. Níor ḟill Séadna an lá sain.
Síle. Cogar, a Ṗeg, dar ndóiġ, ní h-ag déanaṁ ċleaṁnais do Ṡaiḋḃ a ḃí Sioḃán.
Peg. Cad eile, a Ṡíle, a ċuid?
Síle. Do Ṁáire Ġearra, gaḃaim-se orm,