Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/60

This page has been proofread.
56
THE GAELIC JOURNAL.

agam le ḃeiṫ i láṫair ċoṁ treun a’s atá ’san doṁan. Tar i láṫair, a Ḋoṁnaill ḋuiḃ, go ḃfeiciḋ na daoine uaisle ṫú. Tháinic Dóṁnall, i láṫair, ⁊ ċraiṫ na fir siḋe láṁ leis, ⁊ i láiṁ gaċ aoin ḃí sparán óir. Tháinic an bradán ċuige ar deireaḋ, ⁊ ṫug sé ḋó mála mór leis an ór a ċur ann, ⁊ duḃairt sé leis é ċur faoi ċrann go dtagaḋ sé ar ais, ⁊ gan aiṫris do neaċ a rúin. Annsin ṫáinic síon ṁór ġaoiṫe, ⁊ d’ḟuadaiḋ sí an t-iomlán aca suas ins an aer, ⁊ leigeaḋ síos ar ṁaċaire ṁór iad. Ḃí Sluaġ Siḋe Laiġean ar an maċaire ⁊ níorḃ ḟada gur ṫoisiġ an báire ġá ḃualaḋ.

Ḃí an ġealaċ ṡuas, ⁊ ḃí an oiḋċe bunáit ċoṁ geal leis an lá: ḃí siad ag riṫ anonn is anall; tromaċ, tramaċ; ⁊ is iomḋa fear a ṫuit le cor coise. Fá ḋeireaḋ, fuair Siḋe Chonnaċt buaiḋ, ⁊ gnóḋuiġ siad an báire.

Tháinic an tsíon ġaoiṫe arís, ⁊ tugaḋ ar ais iad go Dún na riġ, i ngar do Loċ-Rí. Annsin duḃairt an bradán mór lé Doṁnall. “Faġ do ṁála, ⁊ imṫiġ a ḃaile—tá an oiread agat anois a’s ċaiṫfeas tú féin, do ḃean, ⁊ t’inġíon, aċt ná leig an rún amaċ nó caillfiḋ tú an t-iomlán. Slán leat!!”

Chuaiḋ Dóṁnall a ḃaile, ⁊ ċuir sé an mála óir i ḃfolaċ faoi leac ṁóir in urlár an tiġe seal (sul) má’r eiriġ Noírín nó an ḃean; ⁊ ní raiḃ ḟios aca go raiḃ sé amuiġ ar ċor ar biṫ. Nuair d’eiriġ siad, ṫaisbeán sé lán a ġlaice d’ór dóiḃ, ⁊ ċuir sin luṫġáir ṁór orra, riṫ siaḋ ċuige, ⁊ ṡaoil sé go múċfaḋ siad le pógaiḃ é. Cheannuiġ sé gaḃaltas mór talaiṁ, ⁊ ċuir sé teaċ breaġ ar bun. Seal gearr ’na ḋiaiḋ so ṗós Nóirín sgológ saiḋḃir.

Tá an bradán mór ins an gcaisleán faoi’n loċ, ⁊ ṫig le duine ar biṫ é ḟeiceáil ’ċ uile lá Bealtaine, ag snáṁ ar ḃárr uisge an loċa. Mhair Dóṁnall, a ḃean ’s a inġean go sona, seunṁar, buansaoġalaċ; ⁊ gur ab é ar ndála go léir é.

“Páidín ruaḋ O’Ceallaiġ.”

WATERFORD GAELIC.


EUGSAṀLA.

Fuaras na gearr-rainn leanas ó’n Maiġistreás Nóra ní h-Uaiṫne ċoṁnuiḋeas sá láṫair ar an mbaile ḃeag so .i. an Chill, i bParóisde na Cille, i gConndae Phortláirge. Adeir sí go gcualaiḋ sí iad—ceann aca annso a’s ceann aca annsúd, ceann aca i laeṫeantaiḃ a h-óige agus ceann eile aca ’na ḋiaiḋ sin—ar fúd na conndae seo agus Conndae thiobruid Aran. B’éidir go m’báil le léiġṫeóiriḋiḃ an Irisleaḃair a ḃfeicsint. Ag so aca iad, bé’r doṁan de. Aon ḟocal aṁáin eile. Atáid na h-eugsaṁla so leanas beagnaċ díreaċ glan mar ṫuiteadar as beul na mná ar ar ṫráċtas ṡuas. A raiḃ le fáġḃail ionnta de loċtaiḃ graiméir, agus go deiṁin is fíor-ḃeaġán díoḃ do ḃí, rinneas mo ḋíṫċioll dá gceartuġaḋ, aċt aṫarruġaḋ eile ’san doṁan níor ḋeineas ionnta.

I.

Ḃí bean fad ó ann, agus, dar ndóiġ, is fad ó ḃí, a’s ċaill sí a h-inġíon, a’s ’na ḋiaiḋ sin duḃairt sí—

“Ċualaiḋ mé an treiḋin ar dtúis
A’s ċualaiḋ mé an ċuaċ ar gcúl,
A’s d’aiṫin mé naċ raċfaḋ an ḃliaḋan
seo liom.”

II.

Ḃí bean eile ann, a’s ḃí sí ag dul ċum tórrṫaiḋ a h-inġíne, agus ḃí sí ag imṫeaċt ċoṁ mear sin go nduḃradar daoine—“Feuċ siar an ḃean ḃuile,” aċt ’sé duḃairt sisi leó—

“Ní bean mé tá ar buile,
Aċt bean ḃoċt ṁuraraċ
Tá dul ag triall ar mo leanḃ,
Cailín bliaḋna ’s fiċe,
Máṫair cúigir leanḃ,
A’s iad go h-uile boinionn,
Mar ḃárr ar gaċ tubaist.”