Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/65

This page has been proofread.
61
THE GAELIC JOURNAL.

POPULAR PROVERBS, CO. KERRY


Collected and Translated by Mr. William Long, Ballyferriter, Dingle.


Continued.

110. Stocaiḋe bána ar ṡálaiḃ dóiġte.

111. An rud is measa do ḋuine ar doṁan n’ ḟeadair sé naċ ċun láir a leasa é.

112. ’Nuair is mó an anaiṫe (anfa) ’seaḋ is giorra an ċaḃair.

113. Má tá céad gnó againn tá céad lá againn.

114. Buaċaill aige (ag) Móra a’s Móra ag iarraiḋ déirce.

115. Síoda ar Ṡiuḃán ’s an plubán ar a h-aṫair.

116. Ní cuiṁniġtear ar an arán tá iṫte.

117. Is é dul ó ṫig an diaḃail go tig an deaṁain é.

118. ’Nuair ḃíonn an cupán lán (no líonta) ’seaḋ is giorra do é ḋórtaḋ.

119. Is minic ċailleann duine caoiriġ mar ġeall ar luaċ leaṫ-ṗingne (do) ṫeárra.

120. Ní luġa sméar ’san ḃfoġṁar ’ná é.

121. Is é an duine an t-eudaċ.

122. Bíonn leacaċa sleaṁna i dtiġṫiḃ daoineaḋ uaisle.

I.

123. Imeoġaiḋ a dtiocfaiḋ ’s a dtáinig
riaṁ,
Imeoġaiḋ an seanóirín beárrṫa liaṫ,
Imeoġaiḋ an ḟuiseog dob’ áille ar
ṡliaḃ,
Imeoġaiḋ an fear óg is mó cáil ’na
ndiaiḋ.

II.

Ní imeoġaiḋ na bánta ná an sliaḃ,
Ní imeoġaiḋ an rae ná an ġrian,
Ní imeoġaiḋ an sáile ó’n iasg,
Ní imeoġaiḋ na grásta ó Ḋia.

124. Bríste slán ar Ṡeaġán a’s gan faic na ngrás ar a aṫair.

125. ’Sé an dul ag iarraiḋ olna ar ġaḃar duit é.

126. Má’s peacaḋ ḃeiṫ buiḋe tá daoine damanta.

127. Is minic deaṁraiḋeaċ cailleaṁnaċ.

128. Ní measa cáċ ’ná Conċoḃar.

129 Dá ġiorra do ḋuine a ċasóg (no ċóta) is giorrra ’ná sin do a léine.

130. Bíonn blas ar an mbeagán.

131. Blais an biaḋ a’s tiocfaiḋ dúil agat ann.

132. Tá sé (no sí) coṁ h-aeḋearaċ le múil go mbéiḋeaḋ mairc uirrṫe.

133. As a blaiseaḋ is feárr é.

134. Tiġ ar ṫaoiḃ bóṫair ní aistear ga- ḃáilt ann.

135. ’Nuair laḃairfiḋ an ċuaċ ar crann gan duille, a’s ṫuitfiḋ Doṁnaċ Cásga ar Lá ’lé Muire, díol do stoc a’s ceannaiġ lón.

136. Taḃair póg do ċosaiḃ an ġirrḟiaiḋ.

137. Is minic a ṫagann gráinne ó’n sgillige.

Translation.

110. White stockings on burnt heels (the poor should not ape the rich).

111. The thing that is the worst in the world (to happen) to a person may be to his benefit (lit., he does not know whether it is not for his benefit).

112. When the tempest (or difficulty) is at its highest, ’tis then help is nearer.

113. If we have a hundred businesses, we have a hundred days (an idler’s evidently).

114. Móra having a servant, and Móra begging (poor enough to be your own servant).

115. Silk on Johanna and the rag on her father (fair without and foul within).

116. Eaten bread is not thought of.

117. It is going from the devil's house to the demon’s house (from the frying-pan into the fire).

118. When the cup is full, it is then nearest to be spilt.

119. A person often loses a sheep for (by) want of a ha’p’orth of tar (penny wise and pound foolish).

120. A [black]berry in the harvest-time is not less than it; said of a trifling matter.

121. The clothes are the man (fine feathers, &c.)

122. There are slippery flags in gentlemen’s houses.

I.—(Four to quit).

123. All who are to come, or have to come, will go,
The little old shaved gray man, will go,
The lark most beautiful on a mountain will go,
And the young man of great repute after them will go.