Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/88

This page has been proofread.
84
THE GAELIC JOURNAL.

all. There’s a large door on the house, and a high window. There is a river at Drogheda, and another river at Dublin. There were a hen, a duck, a lark, a seagull, an eagle, and another bird in the house, and they died.

EXERCISE LI.

SOUNDS OF d AND g ASPIRATED.

§ 310. d and g aspirated ( or dh, ġ or gh) are pronounced in exactly the same way.

§ 311.

A. At the end of words, and ġ are SILENT.
B. In the middle of words, and ġ are SILENT.
C. At the beginning of words:
and ġ slender are sounded as y.
and ġ broad have a guttural sound not in English, and which we will represent by the Greek gamma (γ).

§ 312. EXAMPLES.

Eoġan (ō′-ăn), Owen ruaḋ (roo′-ă), red, red-haired
[1]Euḋmonn (ae′-măN), Edmund, Edward sliaḃ (shlee′-ăv), a mountain
fiaḋ (fee′-ă), a deer tráṫnóna (thrauh′-nō-nă), evening
gráḋ (grau), love
nuaḋ (Noo′-ă), new
Aoḋ, Hugh (ae Munster, ee Connaught).
laoġ, a calf (Lae Lee ).
O’Laoġaire (ō Lae′-ărĕ), O’Leary

§ 313. From Aoḋ are derived Mac-Aoḋa (son of Hugh). i.e., Mackay, Mackey, Magee; and O’H-Aoḋa (grandson of Hugh), O’Hea, Hayes, Hughes. Aoḋagán (ae′-ă-gaun), = little Hugh; hence, Mac-Aoḋagáin, Egan, Keegan.

§ 314. Gaeḋilig (Gae′-il-ig), the Irish- Gaelic language, usually pronounced (Gael′-ig); in Munster (Gael′-ing); Beurla (baer′-Lă), English.

§ 315. Atá Aoḋ Ruaḋ O’Dóṁnaill ag dul go tír eile. Ḃí fiaḋ ruaḋ ar an sliaḃ. Ní ḟaca mé fiaḋ ar biṫ ar an oileán. Ní ṫug Aoḋ O’Neill gráḋ do’n duine eile. Ní ḟuil Euḋmonn ṡuas ar an sliaḃ; atá an tráṫ-nóna fuar. Ní raiḃ Beurla ag Aoḋ Ruaḋ, aċt ḃí fear eile leis, ag dul a ḃaile, agus ḃí Beurla agus Gaeḋilge aige.

§ 316. Morning and evening. A cow and a calf. The calf is red, the other calf is black. I have not any news (new-story, sgeul nuaḋ). I got no news from Edmund. Owen Roe O’Neill died in Ireland. Hugh O’Leary did not die in Ireland, he died in America. James Reegan came home to Ireland from America, and he died in Ireland. James has no Irish yet.

AN OLD HYMN, FROM THE ARRAN ISLANDS.

AN EISÉIRĠE.

[’San uiṁir 46 do’n Irisleaḃar clóḃuaileaḋ cuid do na sean-duanaiḃ cráiḃṫeaċa atá ag muintir na hÁrann ṡiar. Fuair mé a n-urṁór, mar aduḃairt mé ċeana, ó Ṁáirtín ’ac Ḟualáin (Mac Fualáin—Folan ’san mBeurla) i nInismeaḋóin ’san saṁraḋ do’n ḃliaḋain 1892. Sul do cuireaḋ i gcló iad, fuair Máirtín bás. Fear maiṫ, meaṁraċ, macánta, gaeḋilgeóir cliste, seanċaiḋe cumasaċ, b’eaḋ é. Níor ḋuine é nár ċuir suim i n-a ṫeangaiḋ ḋúṫċasaiġ. Is iomḋa sean-ġaeḋilgeoir foġlamṫa, fear ceudta aḃrán nó sgeulaiḋe gan sgíṫ, ar a ndeuntar an ḟeart-laoiḋ ḃrónaċ so, tar éis báis d’faġḃáil dó, “’Tá sé imṫiġṫe ⁊ a ċuid Ġaeḋilge i n-éinḟeaċt leis;” cáil naċ raċa ċoiḋċe ar “Ṁáirtín ṁaitiú,” mar do ḃí sé rímeudaċ riaṁ as a ċuid Gaeḋilge, ⁊ do ṁúin sé dá ċloinn í do leuġaḋ ⁊ do sgríoḃaḋ, réir mar d’ḟoġlaim sé féin ó n-a ṡinsearaiḃ Í. Ba ṁór an sgeul liom bás an ḟir se, ⁊ baḋ ṁian liom an meud so ṡuas do sgríoḃaḋ i n-onóir dá ainm ⁊ i gcuiṁne gaċ seanċuis ⁊ gaċ coṁráiḋ do rinneamar, mé féin ⁊ é féin, le ċéile go siamsaṁail, ⁊ fós le sompla do ṫaḃairt do ṁuintir na gaeḋilge ar an nós ar féidir leó gaċ níḋ do ḋeunaṁ dá ndliġtear uaṫa do ṫeangaiḋ a sinsear.

Is ó ’n ḃfear ceudna ⁊ fa’n am ceudna fuair mé an duan so leanas.]


  1. Munster, ee-om′-ăN.