Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/21

This page has been proofread.
15
BROID MÁṪAR IS ṀÁISTIR SCOILE

Ba ṁór an sásaṁ liom an socrú san a ḃeiṫ déanta agam ar an Máistir, agus ansan ḃíos ag scríoḃaḋ ceisteanna ċun é ċur i bponc:


Ceisteanna ar an Máistir—

Dá mbeaḋ capall ann a raġaḋ 240 míle in aon ló, an mó míle raġaḋ an capall céanna i dtrí ċéad blian?
Má fuair Taḋg Mór £59-16-11¾ ar ṫrí cinn de ċaoire ar aonaċ an Daingin, cad a ġeoḃaḋ an Máistir ar an gcapall úd a ċuaiġ 240 míle i gceiṫre huaire fiċead?
An mó cruaċ ṁóna ḋéanfaḋ mála súiṫe?


Ḃíos ag gáirí liom féin leis an sult agus níor ḃraiṫeas faic go raiḃ an Máistir laistiar díom agus scearta mór gáire curṫa aige as. Rug sé ar an bpáipéar uaim agus léiġ sé don scoil ar fad é!

Ḃí an scoil go léir ag gáirí.

Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire. Ḃí béal mór ar Ṁicilín Eoin ag magaḋ fúm. Dúras leis fanaċt go mbeirinn air tar éis na scoile.

Do ċroċ an Máistir mo ṗáipéar boċt ar an ḃfalla mar áḃar spóirt.

Deirim leat go raḃas buíoċ nár scríoḃas síos ann an bás úd a ṫugas dó!