Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/26

This page has been proofread.
20
Jimín

“Mo ġrá ṫú, ’Jimín,” arsa Cáit.

Ní ḟéadfainn aon ḟocal a rá. Ṫáinig rud éigin ait im scórnaiġ agus im ṡúile agus ḃíos ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ gan gol, aċ do riṫ deoir ṁór anuas ar feaḋ na sróna agam agus ansan riṫeadar go léir anuas. Ní dúras aon ní aċ ċonaic Cáit mé agus riṫ sí anall ċugam agus ċuir sí a láṁ orm.

“Maiṫ an buaċaill ṫú, a ḋearṫáirín,” ar sise, agus ṫirimiġ sí mo ṡúile leis an mbib a ḃí uirṫi.

Do ḃíos ar mo ḋíċeall ag glanaḋ Ṁicilín agus ná stadfainn ar ċapall nó go stadfaḋ an fonn goil a ḃí orm. Do stad fé ḋeireaḋ nuair ḃí an laṫaiġ ar fad scríobṫa.

Ansan do ġáir Cáit. “An ndéanfaiḋ siḃ muintearṫas anois?” arsan cleasaí. D’ḟéaċas féin ar Ṁicilín.

“Déanfad,” arsa mise.

“Déanfad-sa, leis,” arsa Micilín.

“Agus ní ḃeiḋ siḃ ag troid níos mó?” arsa Cáit.

“Ní ḃeimid, a Ċáit,” arsa sinn-ne.

“Ná ní ṫaḃarfaiḋ siḃ ainmneaċa gránna ar a ċéile?”

“Ní ṫaḃarfam,” arsan dá amadáinín.

Ansan do ġáir Cáit agus ṫáinig sí eadrainn istiġ agus rug sí ar ḋá ṁuinċille orainn. “Riṫimis,” ar sise.

As go bráċ linn araon agus sinn ag tarraing Cáit inár ndiaiḋ agus sinn go léir ag gáirí. Ḃuail máṫair Ṁicilín linn agus d’ḟéaċ sí ar a ċuid éadaiġ.