Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/60

This page has been proofread.
54
Jimín

Ḃí, an dtuigeann tú, aċ ní ligfeaḋ náire ḋom é rá.

“Mara ḃfuil féin b’ḟéidir go n‑íosfá píosa de ċíste Nollag.”

Ḃíos i gcás cruaiḋ—ní ḟéadfainn a rá go n‑íosainn agus níor ṁaiṫ liom a rá ná híosainn. Aċ ḃí Nell tuisceanaċ. Ċuaiġ sí agus ṫug sí ċugam canta mór de ḃairín breac agus muga bainne. Nuair a ḃíos á iṫe dúras liom féin gurḃ í Nell an duine ba ṫuisceanaí dár ḃuail riaṁ liom.

Nuair ḃí an béile ite agam ḃraiṫeas feaḃas mór ar gaċ aon scéal agus ḃíoḋ cuiṁne Ṁam ag imeaċt uaim nó go ḃféaċainn ar an gcasóig eireabaill.

Do réir mar ḃí sé ag dul i ndéanaí, áfaċ, agus gur ṁiṫid dom ḃeiṫ ag dul aḃaile ní raḃas in ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí cuiṁne Ṁam ag teaċt ṫar n‑ais ċugam go han-tsoiléir ar fad. Níor ṡaṁlaíos aon ní léi an uam sin aċ ‘Sceiṁle ṁór an Luain’ go mbíonn Beit Ṁór ag tráċt air go minic, pé rud é.

Aċ ní raiḃ aon dul uaiḋ agam, ṫuigeas, agus d’éiríos ċun dul aḃaile.

“Aḃaile taoi ag dul?” arsa Nell.

“Sea,” arsa mise, go mí-ṁisniúil.

“Ba ḃreá ḃeiṫ ag dul ’on ċroiċ seaċas é,” arsa Taḋg Óg.

Do ġáireadar go léir. D’ḟéaċas anonn ar Nell.

“Ṁuise, beannaċt Dé ḋuit! agus téanam ort im ṫeannta féaċaint an ḃféadfá faoḃar mo ṁáṫar a ċur díom,” arsa mise léi.