Istoíċe Dé Saṫairn ṫógamar an dá ṁaide ráṁa ó ḃinn tí Ṫaiḋg Nellí agus ċuireamar i ḃfolaċ i ndíg sceaċ iad. Ḃí an bád ar snáṁ i gCuas na Báistí agus ḃí ’ḟios againn go mbeaḋ sí ann ar maidin.
D’imiġ an ḃeirt againn go dtí an ċéad Aifreann go luaṫ. Nuair a ḃí gaċ éinne imiṫe leo ċun an dara hAifrinn do ġluaiseamar-na ċoṁ fada le Páirc a’ Leasa. D’éalaíomar isteaċ sa lios agus scaoileamar na daoine go léir ṫarainn. Rugamar na maidí linn ansan. agus ċuamar sa ḃád. Sean-ṗota trom is ea í, agus í ainnis le ráṁaíoċt.
Ḃí an ġaoṫ ón dtalaṁ agus ḃogamar linn soir le hais na gcloċ sa ḃfoṫain. Ḃuail corc linn agus rugamar air agus ḃíomar ag tarraing, agus ár dteanga amuiġ againn, go dtáinig an pota gliomaċ aníos go dtí taoḃ an ḃáid. Ní raiḃ faic ann. Ní haon ṁisneaċ a ċuir san orainn, dar ndóiġ.
Ṫángamar go dtí pota eile. Portán dearg a ḃí ansan agus a ḋá ċrúb ar leaṫaḋ aige d’iarraiḋ breiṫ orainn. Scaoileamar uainn an pota.
Níor ḟan aon ṁisneaċ mór ansan againn agus dúirt Micilín ná faiġimis gliomaċ an lá san. Dúras-sa leis paidir a rá agus ḃí leaṫ “Ár nAṫair atá ar Neaṁ” ráite aige nuair a ċuiṁniġ sé gur ag goid ġliomaċ a ḃíomar agus ṫáinig stad sa ṗaidreoireaċt.
Níor ṁaiṫ leis, an dtuigeann tú, a iarraiḋ ar Ḋia caḃrú leis ċuige sin.