Ṫángamar go dtí an tríú pota agus, ’om basa, ḃí fámaire de ġliomaċ ann. Nuair a ċuireamar ar ṫóin an ḃáid il ḃí ġaċ aon ċnag aige lena eireaball.
Ċuardaíomar ċúig potaí eile agus ḃí trí gleamaiġ againn, aċ má’s ea, ḃíomar i ḃfad soir agus sinn ag druidim amaċ go dtí Gob an Ġéaráin.
Ní ró-ṁaiṫ is cuiṁin liom cad a ṫit amaċ nuair ṫángamar ġo dtí an Ġob. Ḃí an ḟarraige an-ṡuaite díreaċ taoḃ amuiġ ḋe agus nuair ṫáinig an scanraḋ orainn aġus ċasamar ċun ṫeaċt isteaċ, rug an ġaoṫ ón dtalaṁ, agus an taoide, ar an mbád agus beireaḋ amaċ faoi an ḃfarraiġr ṁóir sinn.
Do réir mar ḃíomar ag dul amaċ is ea ba ṫreise ḃí an ġaoṫ agus is ea ba ṁó a ḃí an seanraḋ ag teaċt in ár ġcroí. Do ċrom Micilín ar ḃeiciġ agus ar ġlaoċ ar a ṁáṫair, agus ansan ṫáinig daṫ glas-liaṫ air, agus breoiteaċt ḟarraiġe.
Ṫáinig eagla orm féin, leis. Ḃuail sé isteaċ im ċroí ġurḃ aṁlaiḋ a ḃí Dia i ḃfeirg linn. Leis sin ċaiṫeas na trí gleamaiġ i ḃfarraige féaċaint an gcuirfeaḋ san fearġ Dé ḋínn. Aċ nior ċuir.
Amaċ a ḃíomar ag imeaċt i gcónaí agus ṫagaḋ lagú ar mo ṁisneaċ nuair a ḃraiṫinn an talaṁ ag éalú uaim.
Uaireanta d’éiríoḋ buile orm agus ḃínn go cráite, agus ḃuailinn toċta an ḃáid lem ḋorn, agus ḃuailinn Micilín agus deirinn leis breiṫ ar an maide.