Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/90

This page has been proofread.
84
JIMÍN

Ḃí luċt na naoḃóg ag baint díoḃ—níor ḟágadar caipín ná casóg ná ḃest orṫu féin. Ḃí gaċ éinne ag liúiriġ orṫu agus á molaḋ agus á gcoṁairliú agus á ngríosaḋ. Ċloisfeá fear agus é ag béiciġ ar naoḃóig acu. “Dar hanaman t’aṫar, a Ṁaiḋc, ná scaoil go brác le Cuas a’ Ṗortáin é.”

Ní fada gur imig an dá naoḃóig agus curan bán féna dtosaċ agus an dá ċeaṫrar ag iomraḋ ar a ndíċeall báis, siar ’s aniar, siar ’s aniar, gan stad, gan staonaḋ, agus na hoċt maidí ar coṁ-imeaċt.

Ḃí na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag riṫ ar feaḋ na trá agus ag liúiriġ agus ag bagairt a láṁ agus a ndorn ar na naoḃóga, agus ag taḃairt ordaiṫe ḋóiḃ, agus ag rá “Ṁuise mo ċeol siḃ!” agus gan luċt na naoḃóg á gclos in ao’ ċor, aċ iad ag tarraing gur ḋóiġ leat go mbrisfeaḋ a gcroí. Ansan ḃris Maiḋc Mór dula.

“Ó, Dia linn is Muire!” arsa gaċ éinne mar ċeapadar go raiḃ an rás caillte dá ḋeascaiḃ. Aċ ċuir Maiḋc dula nua isteaċ agus ṫosnaiġ sé arís ar ḃuillí móra ráṁa.

“Ó my is tréan an fear é,” arsa gaċ éinne.

Ansan do ḃris an fear ṫosaiġ sa naoḃóig eile maide ráṁa.

“Ó, faire go deo!” arsa na daoine; aċ ċuireadar go léir liú molta astu nuair a ṫarraing sé ċuige maide nua. “Fear groí,” adúradar.

Mar sin dóiḃ ar feaḋ ḋá ṁíle go dtángadar go dtí an dara polla ċun casaḋ aḃaile. Ag