Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/92

This page has been proofread.

CAIBIDIL XI

Oíċe iascaiġ.

TRÁṪNÓNA Dé hAoine ḃíos ṫíos sa ċuas ag féaċaint orṫu ag cur na líonta sna naoḃóga. Ḃí iasc sa ċuan, tá’s agat—mairciréil Fóṁair agus iad ag ráṫaíoċt ar ḃarr an uisce le ḋá lá roiṁe sin, agus ṁealladar muintir an ḃaile ċun dul ina ndiaiḋ.

Tógaḋ anuas láiṫreaċ sean-líonta a ḃí le bliain ar na loċtaí agus ar na maidí snaḋmṫa, agus deisíoḋ na mogail ḃriste iontu agus do hullṁaíoḋ ċun iascaiġ iad.

Trí naoḃóga atá sa ċuas so ’gainn-ne, agus gaċ ceann acu páirteaċ idir ḃeirt nó triúr. Aṫair Ṁicilín atá páirteaċ le Taḋg Óg, agus ḃeireadar Donnċa Ṗeig leo ina ṫríú duine.

Ḃí an tráṫnóna go breá agus barra-taoide ann nuair a ḃíomar ag bordáil na líonta ṫíos ag Leac a’ Ḃáid. Mise ḃí ag coinneáil na naoḃóige do ċriú Ṫaiḋg Óig ’ḟaid a ḃíodar san ag réiteaċ an lín agus ag ceangal na gcloċ i ngiorraċt gaċ aon ċúpla feaḋ dá ċéile, agus á socrú i dtóin na naoḃóige i dtreo ná beaḋ aon ḃaol go raġaḋ an líon in aċrann nuair a ḃeidís á ċur i ḃfarraige.

86