Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/94

This page has been proofread.
88
JIMÍN

raiḃ agam le déanaṁ aċ dul isteaċ fén seol sa naoḃoig agus fanúint socair ann. agus ní ṫaḃarfaí fá ndeara mé go inbeidís ró-ḟada siar sa ḃfarraige ċun filleaḋ aḃaile liom. Ṫainig sé go léir im ċeann mar imeoḋ pléan as guna. Ċuas isteaċ fén seol.

Ní raiḃ gíog asam agus iad ag teaċt sa naoḃóig. Ḃraiṫeas ag cur na maidí amaċ iad, agus níorḃ ḟada gur ḃraiṫeas siúl ag teaċt fén naoḃóig. Nuair ḃog sí amaċ as an gcuas ḃraiṫeas í ag titim agus ag éirí le suaṫaḋ na farraige.

Ḃí mí-ḟoiḋne orm teaċt amaċ ón seol agus preab a ḃaint astu; aċ ḃí eagla orm dá ndéanainn ró-luaṫ é go ḃfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís mé. Ba ṡia liom gaċ neomat ná uair a ċloig ag feiṫeaṁ. Níor laḃair aon duine den triúr go ceann i ḃfad aċ iad ag tarraing leo go fada ḃreá réiḋ. Ansan ċonaic aṫair Ṁicilín rud éigin sa ḃfarraige.

“Ab’in tóiṫín laistiġ dínn?” ar seisean. Do stad an ráṁaíoċt. I gcionn tamaill laḃair Taḋg Óg.

“Tá scol acu ann. Soir atáid siad ag gaḃáil. Ní haon droċ-ċóṁarṫa ar iasc iad san a ḃeiṫ ann.”

Ṫaḃarfainn an saol ar ċead a ḃeiṫ agam éirí ċun na muca mara d’ḟeiscint, aċ ċeapas, ’om baic, go mb’ḟearr mo ċeann a ċoimeád go híseal tamall eile.

Ḃíodar ansan ag caint ar an ndíoḃáil a ḋéanaid na muca mara agus na cránta mara