JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG
orainn roimpi—me féin is Daid. Tugann sí sceiṁle do Ḋaid uaireannta. Sin é cúis go ḃfuil Jimín Ṁáire Ṫaiḋg orm-sa.
Rugaḋ mé fad ó—fad ó—ní cuiṁin liom-sa caṫain aċ deir Seana-Ḃriġid go ḃfuil trí bliana déag ó ṡin ann. Deir sí go raiḃ ár dtiġ-ne anaṁór tré-na-ċéile an oiḋċe ṫána-sa ann. Ḃí gaċ aonne ’na ṡuiḋe fea’ na hoiḋċe. Seana-Ḃriġid féin a fuair me sa ḃfeamnaiġ ar ḃarra-taoide. Ḃí sceitimíní orṫa go léir im’ ṫaoḃ. Ḃíos-sa ag béiciġ ar mo ḋíċeall. Ṫáinig mná an ḃaile go léir isteaċ agus ḃíodar ag féaċaint orm.
“Is breá an t‑uċtaċ atá aige, bail ó Ḋia ar an leanḃ!” arsa Peig Neans.
“Ṁuiricín!” arsa Síle Eoin, “naċ baileaċ a ṫug sé ḋá ṡúil Ṡeana-Ṫaiḋg leis?”
“Gráḋ Dé, óinsiġ!” arsa Máire Aindí, “an caoċ ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalaċ cruṫanta é. Naċ ṡin iad ḋá ṡúil ’aṫar aige, agus an geannc beag sróna, agus an croiceann buiḋe?”
“Gaiḃim-se orm gur le n‑a ṁáṫair is deá’rataiġe é,” arsa Síle.
“Nárab eaḋ;” arsa Máire Aindí, “sé ’aṫair ’na ċrot aonair é.”
Ḃí na mná ag dul i gcoċall a ċéile gur laḃair Beit Ṁór agus gur ḋein sí spiorspear de’n scéal.
“Pé duine gur deá’rṫaċ leis é,” ar sise, “is caiṫiseaċ an leanḃ é, bail ó Ḋia air.”
Annsan ṫóg m’aṫair buidéal as an gcurpad agus ṫug sé braon as dosna mná. Ṫug sé braon mór do Ṁáire Aindí. Duḃradar go léir, “go mairir a ḃfuil nua agat!” nuair óladar é. Ċuaiḋ an braon le n‑a hanál age Síle Eoin agus ḃíodar ’á bualaḋ sa drom. Ḃí rí-rá mór aca annsan agus cainnt agus gáiriḋe. Ṫáinig sciaṫáin ar m’aṫair agus ḋein sé greas rinnce. Níl mo Ḋaid go maiṫ ċun rinnce, tá’s agat, aċ ’ċionn mise ḃeiṫ aige, is dóċa, ḃí mórtas air. Aċ do laḃair mo Ṁam ón seomra agus duḃairt sí “an t‑amadán fir sin a