Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/102

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

laḃair aon duine den triúr go ceann i ḃfad aċ iad ag tarrac leo go fada breá réiḋ. Annsan ċonnaic aṫair Ṁicilín rud éigin sa ḃfairrge.

“Ab’in tóiṫín laistiġ dínn?” ar seisean. Do stad an ráṁ’íoċt. I gcionn tamaill laḃair Taḋg Óg.

“Tá scol aca ann. Soir atáid siad ag gaḃailt. Ní haon droċċóṁarṫa ar iasc iad a ḃeiṫ ann.”

Ṫaḃarfainn an saoġal ar ċead a ḃeiṫ agam éiriġe ċun na muca mara ḋ’ḟeiscint, aċ ċeapas, am baic! go mb’ḟearr mo ċeann a ċoimeád go híseal tamall eile.

Ḃíodar annsan ag cainnt ar an ndíoḃáil a ḋeinid na muca mara agus na cránta mara dos na líontaí agus an tslí iṫid na madraí éisc agus na cailleaċa breaca an t-iasc as an líon. Duḃairt aṫair Ṁicilín go raiḃ trí ṁíle gaḃar insna líonta aca maidin aṁáin agus go raiḃ greim bainte as gaċ aon ċeann riaṁ aca age sna madraí. Ní dóċa gur ṫugadar féin fé ndeara i n-ao’ ċor é, aċ ní raiḃ aon ċainnt aca aċ ar ċoileaċa breaca agus ar ġaḃraiḃ agus ar ṁucaiḃ agus ar ainṁiḋṫe eile. Naċ ait go ḃfuil gaċ aon ainṁiḋe riaṁ aca sa ḃfairrge.

Ḃíos faid gaċ ’nḟaid fén seól agus sa deire ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuille agus ċuireas amaċ mo ċeann. Ḃí sé naċ mór dorċa. Ḃí drom an trír liom agus b’é Donnċa Ṗeig ba ġiorra ḋom. Ḃíodar ag tarrac leo ’s ag cainnt. Aṫair Ṁicilín a ḃí ’á innsint conus mar ḃí Taḋg Mór ar meisge oiḋċe aonaiġ agus ḋíriġ sé ar ṁuinntir a ṫiġe a léasaḋ. Do ṫeiċ a ḃean agus is i dtiġ a máṫar a ċaiṫ sí an oiḋċe. “Agus an d——l, a’ dtuigeann tú leat me? ḃí muinntir na mná ar buile agus ṫeastuiġ uaṫa ná raġaḋ sí ṫar n-ais ċuige, aċ ṫáinig sé leasmuiċ de ḋoras aca le píce agus d’ḟógair sé ḋóiḃ a ḃean a ċur amaċ ċuige, agus ċuireadar—uṁal go leór!”

“Ṁuise mo ġraiḋn í, an ḃean ḃoċt!” arsa Donnċa. “Ní maoiḋte a saoġal uirṫi nuair a ḃíonn aon ḃraon istiġ ag an ḃfear mór.” Ṫarraing Donnċa cúig ḃuille eile sarar laḃair sé arís. Annsan: “Ní ḟeicim-se aon

94