Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/108

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

agus gan aonne ag éisteaċt leis an dtarna duine aċ ’á ċur i n-iúl go raiḃ ’ios aca féin go maiṫ cá raḃas aċ nár ṁaiṫ leo aonní a ráḋ.

Riṫ duin’ éigin isteaċ go dtí Mam agus d’innis an scéal di. Am briaṫar go dtáinig sí ċúiċi féin, a ḃuaċaill. Siúd léi amaċ go dtí an claiḋe, agus níor ċorruiġ sí ná níor ḃog a súil den naoṁóig gur ġaiḃ sí béal an ċuasa isteaċ. Annsan ġluais sí síos go dtí leac a’ ḃáid agus faḋairt ’na súil. Do lean an baile go léir í.

Do ċoṁairliġ Taḋg Óg doṁ-sa, sara dtánamair ’on ċuas, dosaon de stracairí agus de ṁairciréil slána do ċur ar ċórda agus iad a ḃreiṫ go dtí Mam mar ḃreab síoċána. Ṫuigeas gur ṁaiṫ an ċoṁairle í agus ḃí mo stropa ullaṁ agam nuair a ḃuaileamair taoḃ na lice. Nuair a ċonnacamair an baile go léir roṁainn sa ċuas ḃí iongantas orainn cad a ṫug ann iad; aċ nuair a ċonnac féin Mam ’na seasaṁ ar an lic ṫuigeas go maiṫ cad a ṫug í. Níor ṫaiṫn a scéiṁ liom, agus ba ḃeag liom mar ċosaint na stracairí. Ḃíos ag cur uaim, a ḋuine, aċ ṗreabas as an naoṁóig agus ċuas fé n-a déin. Do ṡíneas ċúiċi an stropa éisc agus me ar criṫ.

“Ċuġat féin a ṫugas iad, a Ṁaimí,” arsa mise; aċ, a ṁic ó, oiread agus féaċaint ní ṫug sí orm aċ ċoṁ beag agus ná beaḋ ionam aċ partán tráġa. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire mar ḃí an baile go léir ag féaċaint orm. I n-ionad aon tor’ a ṫaḃairt orm-sa ḋíríġ Mam ar luċt na naoṁóige.

“Beó saṁlófar siḃ, a ḟeara,” ar sise. “Is tuisceannaċ agus is nádúrṫa na coṁarsain siḃ. Is maiṫ an aire a ṫugaḃair go mbeaḋ m’aigne-se ar a suaineas feaḋ na hoiḋċe aréir. Táim buiḋeaċ díḃ, a ḟeara,” ar sise, “agus gan a ḟaid sin de luiġċán na bliana oraiḃ.”

D’iompuiġ sí de sguaib ċun dul aḃaile annsan.

Ṫáinig néal ar Ḋonnċa Ṗeig toisc ḃeiṫ ’á ḋaoraḋ is gan é cionntaċ, agus ṗreab sé. Dá mbeaḋ oiread aiṫne aige ar Ṁam agus ḃí agam-sa d’ḟanfaḋ sé ’na ṫost. “Tá scláḃaiḋe maiṫ teangan age daoine áiriṫe” ar

100