Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/110

This page has been validated.

Caibidiol XV

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT

Ḃí Mam ar feaḋ coigṫíse agus ní ḟéadfainn a ḋéanaṁ amaċ cad a ḃí ag gaḃáil di. Ag maċtnaṁ a ḃíoḋ sí, tá’s agat, agus stadaḋ sí uaireannta i lár a cuid gnóṫa agus ḃíoḋ sí ag smaoineaṁ. Annsan uaireannta eile ċínn ag cainnt le Daid í aċ ní ḃíoḋ ’á ráḋ age Daid aċ—“Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr ḟios, a ċroiḋe.” D’iarras ar Ċáit faire a ḋéanaṁ ar Ṁam féaċaint cad a ḃí ar siuḃal aici aċ níl aon ṁaiṫ i gCáit ċun spiaireaċta agus b’éigean dom plean eile a ṫarrac ċuġam.

Nuair cuireaḋ a ċodla me oiḋċe ċuas isteaċ ’on leabaiḋ tamall, aċ annsan nuair a ḃí mo ṁáṫair agus Daid cois na teine sa ċistin d’éaluiġeas isteaċ i seomra na beirte aca agus ċuas laistiġ de ċlóca ṁór mo ṁáṫar a ḃí ar croċaḋ ar an ḃfalla agus d’ḟanas leo go dtagaidís ’on tseomra. Tá’s agat, bíonn siad go minic ag cainnt nuair a ṫéiġid siad ’on tseomra.

Aċ ar ṁ’anam go raiḃ feiṫeaṁ fada ar ċosa laga agam mar ċaiṫeadar an oiḋċe ag cadráil cois na teine, agus na glúine ag lúbarnaiġ agam-sa. Aċ fuaireas luaċ na foiḋne sa deire mar ċuir Daid an madra an doras amaċ agus ċuir sé an bollta sa doras agus ṫáinig sé féin agus Mam go dtí an seomra. Do leanadar den ċainnt a ḃí ar siuḃal ṫíos aca nuair ṫánadar ’on tseomra:

“Caillfimíd mála airgid leis aċ níl dul as is dóċa,” arsa Mam.

“Seaḋ, agus b’ḟéidir gur aḃaile arís ċuġainn a cuirfí é mar ná féadfaiḋ sé é féin d’úmpar,” arsa Daid.

102