Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/111

This page has been validated.

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT

Níor ṫaiṫn san le Mam.

“Má tá droċ-úmpar ann ní ó n-a ṁáṫair a ṫug sé é,” ar sise.

Do ḃain m’aṫair croṫaḋ as a ċeann le mí-ṁisneaċ: “Oċ ṁuise,” ar seisean, “sé an seanṗort céadna i gcoṁnaiḋe agat é.”

Ṫuigeas féin ós na bréiṫre sin gur don mac so a ḃíṫeas ag tagairt. Sin é uair d’éiriġ an sot go léir orm ċun feasa ḋ’ḟaġáil cá raḃṫas am’ ċur agus conus a ḃíṫeas ċun an mála airgid sin a ċaiṫeaṁ liom. Tar éis tamaill ṫáinig an ḃeirt aca ċun bladair arís.

“Bainfiḋ sé deiċ mbliana ḋo sar a mbeiḋ sé ’na ṡagart,” arsa Mam.

Ní mor ná gur ṫuiteas féin i láṫair mo ċos nuair a ċuala an méid sin, a ḋuine. Mise im’ ṡagart! Ċuir an scéal mearaṫal orm agus ní mór ná gur scéiḋeas orm féin laistiar den ċlóca.

“Arú,” arsa m’aṫair, “b’ḟearr liom é ċur le céird éigin eile. Bíonn siad ’na seanduiní anois sara dtugtar paróiste ḋóiḃ.” Aċ ṫug Mam fé arís agus duḃairt sí naċ ċun airgid ná saiḋḃreasa a ḋéanfaḋ sí sagart d’á mac féin aċ ċun seirḃíse Dé. D’éist Daid tamall, am baic, tar éis an méid sin. Annsan ar seisean:

“Cé ḋéanfaiḋ an treaḃaḋ agus an fuirse nuair a ḃuailfiḋ an t-aos mise?”

“Nár leigiḋ Dia go mbuailfeaḋ ṁuise, laige ná aos tusa, a ḋalṫa!” arsa Mam. Ón nglór a ḃí ’na guṫ ṫuigeas gur searḃas a ḃí ar siuḃal aici. “Aċ ná bíoḋ eagla ort,” ar sise, “ġeoḃad-sa cliain isteaċ duit-se a raġaiḋ i mbun seisriġe ḋuit.”

“Uf,” arsa Daid, agus d’umpuiġ sé ar a ċliaṫán agus ṫuit a ċodla air.

Ḃí Mam uair a ċluig sarar ṫuit aon néal uirṫi agus deirim-se leat go raiḃ na cosa fuar go maiṫ agam-sa sarar ḟéadas éalú as a’ tseomra.

Ar maidin nuair a ċonnac Cáit: “Bead-sa im’ ṡagart,” arsa mise.

103