Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/113

This page has been validated.

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT

“Ṁuise, go gcoṫuiġiḋ Dia ḋíḃ é, an scéal maiṫ,” ar sise.

“Cad é an scéal?” arsa Mam.

“Jimín beag a ḃeiṫ ag dul le sagartóireaċt, bail ó Ḋia air,” do ráiḋ Máire.

Baineaḋ anaṗreab as Mam boċt. Níor ḟan focal aici. D’ḟéaċ sí anall orm-sa agus ṁeasas nár ḟan oiread luiċe ionnam leis an scannraḋ. Ċonnac go raiḃ sí go cráite dóite toisc an scéal a ḋul amaċ roimré. Níor ṁaiṫ liom í ḃeiṫ ag féaċaint orm agus d’imiġeas liom go maolċluasaċ go dtí an leabaiḋ agus gan é aċ a leaṫuair tar éis a seaċt. Deirim-se leat ná raḃas buiḋeaċ dem’ ṫeangain, mar ċeapas siúrálta go ḃfaġainn búrdáil ṁaiṫ an oiḋċe sin. Aċ ní ḟuaireas, a ḋuine. Nuair a ḃí Mam ag dul a ċodla ṫáinig sí le coinnill mar a raḃas-sa agus d’ḟéaċ sí orm. Ḃíos im’ ċnap ċodlata, a ṁic ó, agus ná hoscloċainn súil liom ar ṁíle púnt.

“Hum,” ar sise, “codla an traḋna ċuġat-sa, a ḃuaċaill,” agus ṫuigeas go raiḃ droċaṁras aici ar an suan a ḃí orm. D’imiġ sí, áfaċ, agus ṫugas mo ḃuiḋeaċas do Ḋia a ṫug saor an uair sin me.

Ḃí baḃta bruiġne agam féin is ag Micilín Eoin lá’r na ṁáireaċ. Nuair a ċonnaic sé ċuige me, “Ara, féaċ aníos ‘Father James’!” ar seisean. Ṫáinig beiriṫean uilc orm ċuige agus leanas suas ’on ṗáirc é agus ċuireas fuilṡrón leis. B’ḟéidir go múinfeaḋ san béasa ḋo. Aċ níor stop san an ċuid eile den mbaile, mar ḃíoḋ an ainm ar siuḃal aca go léir orm—mór mór ag na sciṫirí gearrċaillí. Ḃíos cráite aca, aċ me féin fé ndeara é a scaoil lem’ ṫeangain i láṫair Ṁáire Aindí.

Ar feaḋ trí seaċtaine ’na ḋiaiḋ sin níor ċuaiḋ stad ar Ṁam aċ ag ullṁú rudaí ḋom. Ṫug sí trúnc nua ón nDaingean ċuġam agus ḃí seóḋ rudaí istiġ ann. Ḃí léinteaċa ann agus tuḃáilí agus cíor dom’ ċuid gruaige agus máilín beag ċun mo léine oiḋċe a ċur isteaċ ann, a ḋuine. Ḃí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí,

105