Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/114

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

agus ḋein an táiliúir ḋá ċulaiṫ éadaiġ dom. Fuaireas ḋá ḟeiḋre gleoite bróg ná raiḃ aon tairnge ionnta aċ iad ag gíoscán nuair a ṡiuḃluiġinn.

Ḃíos ag gaḃáil an bóṫairín síos lá nuair a ġlaoiḋ Taḋg Óg ṫar n-ais orm. “Cogar i leiṫ, a Jimín,” ar seisean, “cad tá an dá ḃróig sin a ráḋ le ċéile?”

“Tin t’ḟiarṫaiṫe ar do ṡeanaṁáṫair!” arsa mise. Ḃíos cráite aige aċ níor ḋein sé aċ gáirí fúm. Is dóiġ leis go ḃfuil sé anasmeartálṫa.

Beiḋ mé ag imeaċt amáireaċ agus do réir mar a ċloisim ní ró ṁór an aga a ḃeiḋ agam ċun a ṫuille cúntaisí mar seo a scríoḃ. Is dóċa go ḃfuil an cruatan róṁam. Deir Mam liom go gcuirfear urċall annsúd liom agus srian agus go mbead ag gol fós i ndiaiḋ mo ṁáṫar agus an tsaoġail ḃreá a ḃí agam uaiṫe. Dar fia! má ḃíonn siad níos cruaiḋe orm ná mar ḃí Mam tá an riaċ buiḋe go léir orṫa. Ní ró ṁaiṫ atáim i n-ao’ ċor istiġ liom féin na laeṫeannta so agus ar ḋá ḃiorán ní raġainn i n-ao’ ċor ann. Táim idir fonn is faitċíos, a ḋuine; aċ tá beartaiṫe agam má ḃíonn an scéal ró ḋian orm sa Ċoláiste ná fanfad aca, dar fia!

Ṫáinig Máire Aindí araer agus ṫug sí dá ḟeiḋre stocaí ḋom. Ṫug Taḋg Óg is Nell bille púint dom. Ṫáinig Micilín Eoin ċuġam ó ċiainiḃ agus ḃí saġas náire air agus ní duḃairt sé aon ní go ceann tamaill. Annsan ṫairrig sé scian as a ṗóca agus ċuir sé im’ aice ar an mbórd í agus deora ó n-a ṡúile. Ṫug sé iarraċt ar rud éigin a ráḋ aċ ní ḟéadfaḋ leis an dtoċt ġuil. Annsan riṫ sé an doras amaċ uaim ag gol. Deir Cáit go raiḃ Micilín anaċeanúil orm-sa. Ṫugas an ṗíp aḋmaid a ḃí i ḃfolaċ sa stáca agam do Ċáit ċun é ṫaḃairt do Ṁicilín amáireaċ.

Tá mo ṫrúnc pacálta sa ċistin. An rud deireannaċ a ċuir Mam ann ná císte mór aráin go raiḃ rísíní ann. Tá na coṁarsain ar fad sa ċistin—is dóċa gur mar ġeall orm-sa é. Ṫug a lán aca scillingí agus leaṫ-ċorónaċa ḋom agus ḃíodar go léir am’ ċoṁairliú agus

106