MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT
am’ ṁolaḋ. Tá Cáit ag gol ó ṫáinig an tráṫnóna agus níl focal as Daid. Nílim féin ar mo ċúilín tseaḃraċ aċ ċoṁ beag le duine. Níl aonne go ceart aċ Mam. Ní ċorroċaḋ an saoġal í sin.
********
Táid siad go léir imiṫe aḃaile agus duḃairt Mam liom-sa dul a ċodla. Nuair ṫána ’on tseomra lean sí me agus ḃí sí i ḃfad am’ ċoṁairliú. Annsan rug sí barróg orm agus ṗóg sí me agus ċonnac deora ’na súile nuair d’imiġ sí.
Ní mór go ḃfeicim féin an páipéar so go ḃfuilim ag scríoḃ air le gaċ ’ra raċt guil agus uaignis.
Caiṫfiḋ mé stad is dóċa agus an peann a leigint ar lár. Aon rud dár scríoḃas mar ġeall orm féin go dtí so níor ċuireas ann aċ an ḟírinne ġlan. Tá’s agaiḃ anois cad é an saġas mé. Dá mbeinn ar nós a lán dem’ aiṫne ní ḃeinn ċoṁ béalscaoilteaċ i dtaoḃ mo loċtaí féin, agus ċeapfaḋ siḃ annsan gur buaċaill maiṫ me. Aċ is cruaiḋ an scéal ar ḃuaċaill a ḃeiṫ go maiṫ—ṁarḃoċaḋ sé é tar éis aon tseaċtaine aṁáin. Ḋeininn-se mo ḋíċeall uaireannta me féin d’úmpar aċ ċaiṫinn briseaḋ amaċ arís gan ḃuiḋeaċas dom. Tá gaċ aonne ċoṁ holc liom. Ní ḟeicim-se aonne go ceart aċ Mam.
Caiṫfead dul a ċodla. Beannaċt Dé agaiḃ go léir agus má’s fiú liḃ orm é iarraiḋ ar Ḋia go gcuirfeaḋ Sé Jimín Ṁáire Ṫaiḋg ar a leas.
FINIS
107