CAIBIDIOL II
BROID A ṀÁṪAR AR JIMÍN IS AN BÁS A ṪUG SEISEAN DON ṀÁIĠISTIR
Is fada liom go mbead mór. B’ḟearr liom ná rud maiṫ go mbeinn mór fásta mar annsan ní ḃeaḋ gaċ aonne sa ṁullaċ orm fé mar ḃíd siad anois. Is cruaiḋ an saoġal a ḃíonn ag buaċaillí dem’ ṡaġas-sa—ní féidir linn faic a ḃarra a ḋéanaṁ ná bíonn duine éigin ag bagairt orainn. An lá fé ḋeire ḃuaileas ganndal Ḃeit Móire sa leaṫċeann le cloiċ is do ġearán Beit lem’ Ṁam me. Duḃairt Mam le Beit gur ṁór an náire ḋi ganndal mallaiṫe a ḃeiṫ aici agus go raiḃ scannraḋ ar leanḃaí an ḃaile roimis agus dá mbeaḋ sí i n-aon ḃaile eile gurab aṁlaiḋ a cuirfí an dlí uirṫi ’na ṫaoḃ. Ċromas féin ar ġol le scannraḋ roimis an nganndal, mar ’ḋeaḋ, ċun go dtagaḋ fearg ar mo ṁáṫair ċuig Beit. Ṁeasas ná déanfaí faic liom. Aċ a ḋuine, ní raiḃ aiṫne ar Ṁam agam! nuair d’imiġ Beit aḃaile go mí-ṡásta agus stadas-sa den ġol, a ṁic ó, rug Mam orm agus ṫug sí léasaḋ ḋom. Deirim leat gur ḋíolas as an nganndal.
Araer ḃíos ag marcaiḋeaċt ar an ngaṁain ḃán agus ċualaiḋ an baile me ag scréaċaiġ nuair a ḃí Mam am’ ḃualaḋ. Dtuigeann tú? scréaċaim ċoṁ hárd is ḃíonn im’ ċroiḋe, féaċ’ a’ gcuirfeaḋ san stop leis an mbualaḋ nó an dtiocfaḋ aonne a ṡaorfaḋ me uaiṫe. Ní ḃím leaṫ ċoṁ gortaiṫe is ba ḋóiġ leat, tá’s agat. Deir siad naċ fearúil an rud ḃeiṫ ag gol ná ag béiciġ; aċ ná caiṫfead-sa rud éigin a ḋéanaṁ ċun me féin a ċosaint ar Ṁam.
Sí Mam mo naṁaid aicionta. Ní stadann sí aċ ag