Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/16

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

gaḃáil dom go mbíonn mo ċroiḋe briste aici. Caiṫim an ṁóin a ḃreiṫ isteaċ ċúiċi agus an t-uisce, agus caiṫim prátaí an dinnéir a ṗiocaḋ ḋi sa tiġ amuiċ. Má ḃím annsan ag imirt ṗúiríní ḋom ḟéin nó ag caiṫeaṁ cnaipí ar an spric bíonn béic agus fiċe ’ci orm go mbíonn an ḃó ḃradaċ sa ċabáiste, agus caiṫim cur díom. Ní dóiġ liom go mbeaḋ Mam sásta gan an ḃó san a ḃeiṫ ag dul sa ġarrḋa, mara mbeaḋ ċun aon rud eile aċ ċun Jimín boċt a ċráḋ. Ní ḟeadar-sa cad ċuige cuireaḋ máiṫreaċa ar ḃuaċaillí i n-ao’ ċor. Aċ dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin ní ḃeinn i mbun bó ná gaṁain a ṫiomáint di; ná ní ċongoċad an snáiṫín di ċun é ṫoċrais ná ní raġad le circ ġuir go tiġ m’aintín ná ní ḃead ag foġluim ceaċtanna ar ċeann an ḃúird.

Níor ċráiḋ riaṁ mé aċ na ceaċtanna cráiḋte céadna. Ní ḃíonn aon dul uaṫa agam aon oiḋċe. “A Jimín,” adeir Mam gaċ oiḋċe, “ar scríoḃais do ċeaċt anoċt?” Ṫriallas cúpla turus a ráḋ nár ṫug an Máiġistir aon rud dúinn le déanaṁ sa ḃaile; aċ an riaḃaċ, a ṁic ó, ná gur ċuir sí ceist ar Ṁicilín Eoin annso ’muiċ agus do scéiḋ an spriosán orm. Ní raiḃ ḟios agam aon ní gur ṫairrig Mam ċúiċi an tslat den ċúlloċta agus ṫug sí fúm treasna na lurgan. Ní raiḃ agam-sa aċ cur díom suas ’on tseomra uaiṫe agus amaċ tríd an ḃfuinneoig.

Ċuas annsan ar lorg Ṁicilín Eoin aċ ní leigfeaḋ eagla ḋo teaċt amaċ ċuġam. D’iarras air teaċt amaċ ċun go mbrisinn a ṗus, aċ ní ṫiocfaḋ. Annsan ḃíos ag glaoḋaċ “peata” agus "pleiḋce” agus "spiaire” air. Aċ do laḃair sé ṫar n-ais ċuġam: “Oċ, ṁuise, a ḃuaċaillín ḃoiċt!” ar seisean, “ar ḃuail do ṁaimí ṫu? Oċ, maimí dána!” agus ḃí sé mar sin ag magaḋ fúm go raḃas ar néal buile ċuige.

Tá leasainm ag muinntir a’ ḃaile ar a aṫair agus ċeapas gur ṁaiṫ an rud an ainm sin a ṫaḃairt ar Ṁicilín. “Bóiricín! Bóiricín! Bóiricín!” arsa mise. Aċ, a ḋuine, ḋeineas dearṁad. Ḃí a aṫair istiġ agus nuair a ċuala sé an ainm, amaċ leis im’ ḋiaiḋ agus an

8