BROID A ṀÁṪAR AR JIMÍN
Ḃuel, ní raiḃ ḟios agam-sa agus d’éiriġeas as. Ḃí cuid aca ḋein é agus nuair a ṫáinig an Máiġistir ċoṁ fada liom-sa ḋ’ḟéaċ sé orm.
“An aṁlaiḋ ná fuil ḟios agat é?” ar seisean.
“Níl, a Ṁáiġistir,” arsa mise.
Annsan ċuir sé na figiúirí ar an gclárduḃ. “A ceaṫair fé ḋeiċ?” ar seisean.
“Sin a daċad,” arsa mise.
“A dó fé ḋeiċ?” ar seisean.
“Sin a fiċe,” arsa me féin.
“Agus a ceaṫair?”
“Sin a ceaṫair fiċead,” arsa mise. Ċuir sé 240, annsan, síos.
“Anois an mó míle ó ḃaile do ḃeaḋ sé?” arsan Máiġistir.
“N’ḟeadar,” arsa mise.
“Léan id’ ċeann cipín,” arsan Máiġistir, “ná tuigeann tú dá n-imiġeaḋ capall 10 míle i n-uair a ċluig go raġaḋ sé 240 míle i gceiṫre huaire fiċead.”
“Ní raġaḋ,” arsa mise, “ċaiṫfeaḋ sé stad nó ṫuitfeaḋ sé leis an ocras nó d’imeoċaḋ crúḋ uaiḋ nó raġaḋ cloċ ’na ċrúib nó…”
“Éist do ḃéal,” arsan Máiġistir agus olc air ċuġam. “Sín amaċ do láṁ.”
Ṫairrig sé ḋá stiall de ṡlait ar mo laipín, a ṁic ó, a ċuaiḋ tríom’ ċroiḋe agus ċuir sé síos go bun na scoile me nuair ḃíos ag gol.
Ḃíos i ḃfad ṫíos im’ ṡuiḋe agus me cráiḋte go leor agus mo ċroiḋe lán d’olc. Ḃíos ag cuiṁneaṁ ar an saġas báis ba ṁaiṫ liom a ṫaḃairt don Ṁáiġistir. Ba ṁór an sásaṁ liom riṫ ċuige agus é ḃualaḋ deas agus clé agus é ṫaċtaḋ agus a ċorp a ċaiṫeaṁ i bpoll portaiġ agus cloċ ṁór ceangailte dá ṁuineál. Nuair ċuiṁniġeas ar an gcapall úd a ḃí aige a raġaḋ an 240 míle i n-aon ló, ċeapas go gceangloċainn an Máiġistir do agus go scaoilfinn leis, gan srian gan aḋastar, agus é ag imeaċt 240 míle gaċ aon ċúig neomataí, go dtiocfaḋ sé go
11