Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/28

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

I gcoinn tamaill eile ḃraiṫeas go raiḃ tairḃe éigin ionnta mar ṫairrig fear trí púint déag an ceann orṫa agus ċuir fear eile go dtí a ceiṫre púint déag iad; aċ ṫugaidís go léír “seanaḋ—l spriúnlaiṫe” ar Ḋaid nuair na bogfaḋ sé ósna hoċt bpúint déag. Fé ḋeire ḃain sé anuas deiċ sgillinge agus nuair a ċuaiḋ na ceannaṫóirí go dtí cúig púint déag do ċaiṫ Daid anuas deiċ sgillinge eile. Ḃíodar ag druidim i gcoṁgar dá ċéile mar sin go dtí ar deire ná raiḃ eatarṫa aċ leaṫ-ṡoḃrain. Do ċruaiḋ an scéal annsan arís. Ṫagaḋ fear aca. Ḃuaileaḋ sé stiall ar ḃeiṫíoċ aca. “An mór iad so?” adeireaḋ sé.

“Sé púint déag deiċ a’ ceann,” adeireaḋ Daid.

“Sín amaċ do láṁ,” adeireaḋ an ceannaṫóir agus ċaiṫeaḋ sé seile ar a ḃais féin agus ḃuaileaḋ sé buille den ḃais sin anuas ar ḃais m’aṫar.

“Taḃarfad na sé púint déag duit orṫa,” adeireaḋ sé. Ní ḃíoḋ Daid sásta agus d’imiġeaḋ an ceannaṫóir sin agus é ar straiḋn agus ċeapainn féin ná tiocfaḋ sé i ngiorraċt páirce ḋem’ aṫair ar feaḋ a ṡaoġail arís. Aċ ṫagaḋ arís agus arís eile agus fé ḋeire deineaḋ an margaḋ nuair a ḃailiġ scata mór tiompall orainn féin agus ar an gceannaṫóir agus gur ḋeineadar an deifriḋeaċt a scoltaḋ ḋá uair. Se púint déag seaċt is réal a fuaireamair.

Nuair a ḃíomair ag dul go dtí an traen leo arsa mise lem’ aṫair:

“Ca’ ’na ṫaoḃ go raḃais ċoṁ dian ’á ndíol, a Ḋaid?”

D’ḟéaċ sé ’na ṫiompall ar eagla go mbeaḋ aonne ag éisteaċt.

“Do ṁáṫair, a ḃuaċaill,” ar seisean, “do ṁáṫair! Sé púint déag a’ ceann aduḃairt sí liom a ḋ’ḟaġáil orṫa agus ní ḃeaḋ aon ġnó aḃaile ’gam gan an méid sin. Beiḋ an ċuid eile ’gam féin, i gan ḟios di. Ná leig aon ní ort, agus taḃarfaiḋ mé sgilling duit ar ball.” Agus do luiġ sé an tsúil ċlé orm agus ḋein sé gáire agus ṫug sunnc d’á uillinn dom! Insa scéal so ḃíos

20