Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/34

This page has been validated.

Caibidiol V.

MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG IS DÚṪRAĊT JIMÍN DON nGANNDAL

Caiṫfiḋ mé innsint mar ġeall ar an Nodlaig a ḃí againne. Ċuaiḋ Mam dtí an Daingean cúpla lá roim Nodlaig—í féin agus Daid—agus ṫugadar an capall leo agus cliaḃ agus bosca sa ċairt. Ḃí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi ḋá ġé—ċun ceann aca ṫaḃairt do ḋoċtúir na mbeiṫíoċ agus an ceann eile a ṫaḃairt d’ḟear a’ Ḃainnc, mar sin é go ḃfuil airgead Ṁam ar fad aige, agus tá anaṁeas aici air.

Faid a ḃíodar sa Daingean ċuas féin go dtí Gleann Doiṁin agus an scian ṁór agam agus téadáinín agus ṫugas aḃaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eiḋneán i ḃfoṫraiġ na Cille. Nuair a ḃíos a’ gaḃáil ṫar doras aici ṫáinig Nell Ṁáire Aindí amaċ ċuġam ag bladar liom d’iarraiḋ go dtaḃarfainn roinnt ċuilinn di. Ċeap sí go mbeinn-se im’ amadáinín aici, agus ḃí sí am’ ṁolaḋ agus ag taḃairt “buaċaillín maiṫ” orm agus ’á ráḋ go ḃfaġainn féirín uaiṫe i gcoṁair na Nodlag; aċ ní raḃas-sa ċoṁ símplí sin. Táim marḃ ó ġeallúintí ná tagann aon ní ’á mbarra.

[Mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa ḃaile ṫugas cúpla craoḃ ċuilinn anonn ċúiċi. Táim anaṁór le Nell, tá’s agat.]

Ḃí sceitimíní ar Ċáit nuair a ċonnaic sí an t-ualaċ mór a ḃí agam an doras isteaċ. “Ó!” ar sise, “beiḋ an tiġ go gleóite anois againn"; agus ḃí sí ag féaċaint ar na caora dearga a ḃí ar a’ gcuileann agus í ag rinnce tiompall an úrláir. “Ó! náċ gleóite iad?” ar sise. “A’ ḃfeacaís riaṁ aon rud ċoṁ deas?” Mar sin a

26