Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/35

This page has been validated.

MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG

ḃíonn Cáit i gcoṁnaiḋe, mara ḃfeiceaḋ sí aċ neóinín nó pósaí bó ḃleaċt. Ċloisfeá na cailíní go léir mar sin, a ḋuine, leis gaċ aon tsórt ní.

Ḃí ocras orm féin. “Caiṫ uait na céapars san,” arsa mise, “agus tr’om rud éigin le n-iṫe.”

“Ó! mo ḋearṁad!” arsa Cáit, agus ṫug sí cogar dom. “Ní ċuirfeá amaċ cad tá agam duit?”

“Cad é?” arsa mise.

Do ġáir sí. “Ní ’neósad duit é,” ar sise, “mar do scéiḋfeá orm le Mam.”

“Ar ṁ’anam ná scéiḋfead, a Ċáit!” arsa mise.

“Marḃoċaiḋ sí mé i dtaoḃ an tsiúicre!” arsa Cáit.

“Cad é an siúicre, arú?” arsa mise.

“Agus mar ġeall ar an uaċtar!” ar sise.

“Hanaman diucs! a Ċáit, an cístí mísle atá déanta agat?”

“Ó, ní ’neósad duit! ní ’neósad duit!” ar sise, agus ḃí sí ag gáiriḋe agus ag léimriġ ar an úrlár. Annsan ċuaiḋ sí dtí an dresser agus ṫóg sí anuas dá ċupán le cur ar an mbórd.

“Áh, hanamain! a Ċáit,” arsa mise, “innis dúinn cad tá agat.”

“Ní ’neósad, ní ’neósad,” ar sise, agus do ġáir sí agus ḃí sí ag rinnce agus ag caiṫeaṁ a cos agus n’ḟeaca sí an t-eiḋneán ar an úrlár gur leag sé í, agus slán mar a n-innstear é! baineaḋ píosa mór as cliaṫán cupa aca. Rug Cáit ar an bpíosa agus ḃí sí ar criṫ ag iarraiḋ an píosa do ċur isteaċ ’na áit féin arís féaċaint a’ ḃfanfaḋ sé istiġ. Annsan ċrom sí ar ġol agus, a ḋuine, ḃí sí ag iarraiḋ a ṁileán do ċur orm-sa. Ċuireas i n-iúl di naċ me fé ndeara é aċ í féin agus a cuid léimriġe; aċ níorḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag cainnt léi. Ní ḋéanfaḋ sí aċ gol. Ṫáinig truaġ agam féin di sa deire.

“Tr’om é a Ċáit,” arsa mise, “agus ní ḃeiḋ ḟios age Mam go deó é.”

Ṫugas an cupa briste go dtí an dresser agus ċuireas ṡíos fé ḋá ċupa eile é agus an taoḃ briste isteaċ.

27