Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/36

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

“Ó! a ṁuiricín! cad a ḋéanfad i n-ao’ ċor má ċíonn Mam é?” arsa Cáit.

Annsan ḋeineamair té—muga an duine againn. Sin é an uair a ṫairrig Cáit amaċ na rudaí aduḃairt sí ḃí déanta aici—cístí beaga uaċtair agus crústa siúicre orra. Fuaireamair im sa ċurpad agus ċonnac-sa próca mór de ṡuḃ a ḃí ann agus clúdaċ páipéir ceangailte go daingean ar a ḃarra. Ġearras an ceangal go haicliḋe agus deirim-se leat gur ḃaineamair súlaċ as na rudaí ar fad. Fé mar iṫimís greim aráin ṫógaimís lán spiúnóige den tsuḃ. Nuair a ḃí ár ndóṫain itṫe againn ḃí an suḃ i ḃfad síos ins a’ ṗróca aċ ċeanglas an páipéár go haicliḋe arís air agus ċuireas ṫar n-ais ins a’ ċurpad é mar ḃí sé ċeana. Is mór a’ truaġ ná bíonn Mam sa Daingean gaċ aon lá.

Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí beaga agus ḃí Cáit ag síneaḋ eiḋneáin agus cuilinn ċuġam. Do ċuireamair tiompall na ḃfuinneóg é agus ar ḃarr an dresser agus os cionn na teine. Ḃíoḋ sé deacair é ċeangal i n-áit ná bíoḋ aḋmad agug ċaiṫinn tairngí móra do ṫiomáint sa ḃfalla agus ṫuiteaḋ scailpeanna den ṁoirtéal anuas uaireannta. Nuair a ḃí an tiġ críoċnaiṫe againn rugamair ar “Sailor"—sin é an madra, tá’s agat—agus ċlúduiġeamair ó ċeann go hearball é le cuileann agus ḃí anaspórt againn air. Nuair a ṫáinig an tráṫnóna lasamair an lampa agus ḃí cuma aeraċ ar an dtiġ.

Ḃí an oiḋċe ann nuair a ṫáinig Mam is Daid aḃaile. Nuair a ṫáinig sí isteaċ ṁeasamair go mbeaḋ an-áṫas uirṫi, aċ is aṁlaiḋ do ḋein sí raic, a ṁic ó, nuair a ċonnaic sí na scailpeanna moirtéíl imiṫe den ḃfalla. Ḃí sí gan aon ċiall, a ḋuine, agus b’éigean dom féin teiċeaḋ do dtáinig sí ċun suainis.

Cáit d’innis dom lá’r na ṁáireaċ cad a ṫug Mam ón nDaingean. Ṫug sí naoi gcoinnle móra fada léi agus iad ’na seasaṁ sa ċliaḃ, agus ḃí trí cinn aca dearg. Ḃíodar ċoṁ hárd leis an ḃfuinneóig, a ḋuine, agus ṫug

28