Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/38

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

pé brí a ḃí aca leis. Ṫáinig Beit Ṁór agus Máire Aindí isteaċ agus ċuir mo ṁáṫair braon as a’ mbuidéal buiḋe i ḋá ngloine agus annsan ċuir sí siúicre agus uisce beiriṫe ionnta agus ċorruiġ sí le spiúnóig iad. Ċeapas ná hólfaidís sin i n-ao’ ċor ar dtúis é. Duḃairt Máire Aindí: “Ó! go marḃuiġiḋ sé mé má ḃlaisim aon ḃraon de!” aċ, mar sin féin, d’ól sí é go léir, agus níor ṁairḃ sé leis í. Ṫáinig a lán eile isteaċ i riṫ na hoiḋċe—buaċaillí óga agus is as an gcrúsca mór a ṫug Mam an deoċ dóiḃ sin.

An riaċ! a ṁic ó! nuair a ċonnac iad go léir ag ól ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann agus nuair a ċuaiḋ Daid amaċ le haṫair Ṁicilín agus ḃí Mam ag cainnt leis na mná i n-aice na teine, ṫógas féin slug as an gcrúsca, a ḋuine. Aċ is láidir nár ṁairḃ sé mé leis an mblas a ḃí air. Ní ḟéadfainn é scaoileaḋ siar agus ḃeaḋ eagla orm é ċaiṫeaṁ as mo ḃéal ar an úrlár, agus seo liom ag baint an dorais amaċ agus mo ḃéal lán. Ċonnaic mo ṁáṫair ag dul amaċ mé.

“Cá raġair anois, a Jimín,” ar sise, aċ ar ṁ’anam ná duḃart aon ḟocal aċ an doras d’oscailt agus cur díom. Lean sí ’maċ mé agus nuair a ċonnaic sí mé ag casaċtaiġ agus ag caiṫeaṁ seilí amaċ:

“Ha, Ha, Há!” ar sise, “a ċlaḋaire, ní ḋéanfainn daḃt do ṁac t’aṫar. Masmus go gcuiriḋ sé ort!”

Ba ġránna an riaċ ruda é.

N’ḟeadar cad ċuige duḃairt Mam an focal san “mac t’aṫar” liom?

Ḃí sé déannaċ nuair do ċuamair a ċodla an oiḋċe sin mar ḃí Mam ag ullṁú an ġé i gcoṁair Lae Nodlag. Do ḃain sí amaċ a raiḃ istiġ innti agus do niġ agus do ġlan í agus annsan do líon sí arís í le prátaí brúiġte agus inniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile agus do ḋein sí é ḋingeaḋ isteaċ innti. Annsan fuair sí snáṫad agus d’ḟuaiġ sí í. Ḃíos féin is Cáit ag faire uirṫi.

Maidin Lae Nodlag ċuaiḋ Cáit ’s mo ṁáṫair ’dtí an

30