Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/39

This page has been validated.

MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG

ċéad Aifreann. Ḃíos féin agus Daid i mbun an tiġe. Faid a ḃí Daid ag crú na mbó ḋeineas-sa foġail ar an gcurpad. Ġoideas uḃall agus líonas póca liom de rísíní agus ḃí smut den ḃairġin breac ann gearrṫa—ċuireas ċuġam é sin, leis. Nuair a ḃíos ag dúnaḋ an ċurpaid arís, do ḃuail smaoineaṁ mé, rugas ar a’ mbuidéal buiḋe agus do leaṫlíonas cupán as. Ḃlaiseas é, aċ ar ṁ’anam, dá olcas é an stuif duḃ ba ṡeaċt measa an rud buiḋe. Ḋóġfaḋ sé ṫú, a ḋuine! Annsan n’ḟeadar cad a ḋéanfainn leis. Ġlaoḋas ar an madra agus ċuireas fé n-a ṗus an cupán, aċ ní ḟéaċfaḋ sé air, a ṁic ó. Níor ḋein sé aċ sraoṫ a ċur as.

Annsan ċuiṁniġeas ar ṡeift eile. Fuaireas dorn mine buiḋe agus do ḟliuċas leis an stuif as an mbuidéal é agus ċuireas sa ḃuaile amuiċ é ar ṗláta. Siúd ċuige an ganndal mór agus d’alp sé a raiḃ ann. Níor ḃraiṫeas faic air go ceann tamaill. Annsan ċrom sé ar ġogalaiġ. I gcionn tamaill d’éiriġ sé as san agus ċrom sé ar ṡiuḃal tiompall agus leaṫċeann air. Fáinne ḃí sé a ḋéanaṁ agus é ag siuḃal. Annsan stad sé agus leaṫ sé a ḋá ċois amaċ ó ’ċéile agus ḃí sé ’á ṡuaṫaḋ féin anonn ’s anall. Ċuirfeaḋ sé na cait ag gáiriḋe. Annsan do luiġ sé agus ḋún sé na súile agus ní ḟeaca aon oiġre riaṁ aċ é ar ṡeana-Ḋiarmaid ċríona annso amuiċ nuair a ḃíonn sé ag tuitim dá ċodla sa ċaṫaoir ṁóir os coṁair na teine agus é ’míogarnaiġ. Annsan luiġ sé ar fad anuas ar a’ dtalaṁ, do ṡín sé a ṗíopán uaiḋ amaċ agus do leaṫ sé a ḋá sciaṫán agus níor ḟan anam ná brí ann aċ ċoṁ beag agus dá mbeaḋ sé marḃ. Ambaisce ḃíos ag breiṫ ċuġam ar eagla go gcaillfí é agus ní ḟeadar cad a ḋéanfainn. Ċuala Daid ag teaċt ó ċró na mbó agus ċuireas díom isteaċ. Nuair a ċonnaic Daid an ganndal do stad sé agus ḃí sé ag cainnt leis féin.

“An diaḃal mé aċ go ḃfuil sé ’na ‘ċocstí’!” ar seisean. “A Jimín,” ar seisean ag glaoḋaċ. Ḃíos-sa ag scuabaḋ an úrláir ar séirse.

31