Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/41

This page has been validated.

Caibidiol VI

LÁ AN DREÓILÍN

Ní mór an sásaṁ a fuaireas féin ná Daid ’nár ndinnéar tar éis teaċt ón Aifreann La Nodlag toisc a ḋéine ḃí Mam ag plé linn i dtaoḃ scéil an ġanndail agus na scéalta eile a ḃí scéiḋte orainn tar éis na maidne. Ṫug Daid iarraċt nó ḋó ar a ráḋ nárḃ é féin a ḋein aon ní leis an nganndal. Duḃairt sise go searḃ gur ḋóċa nárḃ é a ḋ’ól an dá ġloine fuiscí, aċ oiread. Ḃí sé ar ḃarra mo ṫeangan agam-sa a ráḋ nárḃ é a ḋein, aċ ṫuigeas i n-am dá dtéiġeaḋ an focal ṫar mo ḃéal go gcaiṫfinn cúntas a ṫaḃairt sa ḃfuiscí úd. Dá ḃrí sin d’ḟágas an scéal mar a ḃí cé go raiḃ trua agam dom’ aṫair. Níor ḃe’ liom a raiḃ im’ ċoinniḃ féin ċeana.

Ḃí an ganndal i n-aice an teine agus é ag teaċt ċuige féin. Nuair ḟéaċainn air ní ḟéadainn gan gáire ḋéanaṁ nuair a ċuiṁniġinn ar an rud a ḋ’imiġ air. Ċonnaic Mam me uair agus ṫóg sí os cionn talṁan me le claḃta baise. Deirim leat gur ċuireas an doras amaċ díom tapaiḋ go maiṫ gan aon ġáire eile ḋéanaṁ. Ṫuigeas nuair a ḃí sé ró ḋéannaċ gur ḋearṁad dom gáire ḋéanaṁ faid a ḃeaḋ fearg ar Ṁam. Ṫuig Daid ó ṫúis é agus ḃí a rian air—ní ṫug Mam aon ċlaḃta baise ḋo; is aṁlaiḋ a ċuaiḋ sé féin amaċ ’on stábla agus do ṡuiḋ ar an mainnséar ann ag caiṫeaṁ tobac, agus ní raiḃ focal as. Deineann sé mar sin go minic nuair a ḃíonn Mam ag deargaḋ bear air, is ní ṫuigim ca’ ’na ṫaoḃ. Dá mbuaileaḋ sí é mar ḋeineann sí liom-sa déarfainn go mbeaḋ cúis aige aċ ní ḃuaileann ċoiḋċe. Scaoileann sí le Daid i gcoṁnaiḋe. Dá ḃfanaḋ sí ar ċainnt liom-sa is me ná beaḋ duairc.

D
33