Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/49

This page has been validated.

LÁ AN DREÓILÍN

eile ceoil annsan di agus baḃta rinnce agus d’imíomair. Ċuamair go tiġ Ṁicilín Eoin agus fuaireamair réal ann. As san linn go tiġ Ṫaiḋg Óig. Ḃí Taḋg Óg istiġ agus ḃí sé ag magaḋ fúinn agus ’á ráḋ ná raiḃ ceol ná rinnce againn; aċ nuair a ḃíomair ag imeaċt ṫug sé scilling dúinn agus ṫug bean a ḋriṫeár réal dúinn.

Nuair ṫánamair go Tiġ Ṁáire Aindí ḃí anaġeóin againn. Úrlár leac a ḃí ann, tá’s agat, agus ḋeineamair cnagarnaċ ḃreá air ag rinnce. Nuair a ċualaiḋ an madra mór atá aca an ceol ṡuiḋ sé ar a ċorragiob agus ċuir sé a ṡrón san aer agus d’oscail a ḃéal agus ḃí ag cur glamanna móra brónaċa ceoil as i dtreo is go gceapfá go raiḃ gaċ madra riaṁ a ḃain leis marḃ. Ḃí Nell d’iarraiḋ sinn d’aiṫint. Ċaiṫ a máṫair aṁras láiṫreaċ orm féin.

“Ṁuise, slán beo le seana-Ṫaḋg,” ar sise, “agus ní hé sin críċ ba ṁaiṫ leis ar a ċasóig ġreanta.”

“Ara! ní hí an ċasóg atá ag déanaṁ tinnis anois do,” arsa mise. “Ná fuil sé deiċ mbliana sa ċré.”

“Marḃoċaiḋ do ṁáṫair ṫu,” arsa Máire Aindí.

“Ná bí ag tarrac mo ṁáṫar ċuġam,” arsa mise, “aċ tr’om scilling don Dreóilín.”

Ġáir Máire.

“Féaċ, a Nell,” ar sise, “ġeoḃaiḋ tú réal sa sparán san ṫíos agus taḃair dosna buaċaillí í.”

Ċuaiḋ Nell go dtí an sparán aċ ní réal a ṫug sí ḋúinn aċ scilling. Annsan ṫug sí stráice aráin an duine ḋúinn agus ḃí risíní ann. Is maiṫ liom féin Nell.

Ṫugamair turus ar na tiġṫe eile sa ḃaile i ndiaiḋ a ċéile aċ d’ḟágas ár dtiġ-ne ar deire. An rud aduḃairt Máire Aindí i dtaoḃ culaiṫ mo Ḋaid Ċríona agus i dtaoḃ na feirge ḃeaḋ ar Ṁam—sin é ċongaiḃ ón dtig me. Ní baoġal ná go n-aiṫneoċaḋ Mam an ċasóg eirbaill agus an hata agus d’ḟágfaḋ san an Dreóilín gan ċaptaen. Sé ḋeineas sa deire na an ċuid eile a ċur go dtí an tiġ agus fanúint me féin sa ḃóiṫrín. Ḃí seans go ḃfaġaidís scilling ó Ṁam mara ḃficeaḋ sí mise ’na dteannta.

41