Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/52

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

“Tr’om an ċasóg leis,” ar sise agus ḃain sí ḋíom í agus ḃí ’á cur uirṫi.

“Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanaṁ Máire Ní Ógáin díot féín,” arsa Máire Aindí.

Níor ḋein Nell aċ gáire agus d’ḟéaċ sí síos uirṫi féin.

“Ná fuilim go deas?” ar sise.

“Ó! go gleóite!” arsa Taḋg.

Ní duḃairt Maire aon ní.

“Cad duḃairt do Ṁam leat nuair a ċonnaic sí ṫu?” arsa Nell.

“N’ḟeaca sí fós me,” arsa mise, “mar ná raḃas sa ḃaile ċuige.”

“Agus ab’ aṁlaiḋ atá eagla ort dul?” arsa Nell.

“Ba ṁaiṫ an ceart do,” arsa Taḋg, agus d’innis sé ḋóiḃ cad d’imiġ ar Ṫaḋg Learaí Ḃig. “Agus dá ṁéid an néal a ḃí uirṫi nuair ċonnaic sí gúna Ċáit ar Ṫaḋg beag ṫáinig an goṁ ar fad uirṫi nuair ḃraiṫ sí casóg agus hata a haṫar imiṫe!” arsa Taḋg Óg.

Ḃí ’ḟios agam féin gur mar sin a ḃeaḋ, leis, gan Taḋg Óg ’á innsint dom i n-ao’ ċor. Ḃraiṫeas mo ċroiceann greadaiṫe, scólta ċeana féin ón mbualaḋ a ḃíṫeas ċun a ṫaḃairt dom.

“Ní gáḋ ḋi i n-ao’ ċor ḃeiṫ ċoṁ cruaiḋ ar ḃuaċaill boċt,” arsa Nell.

“B’ḟéidir nár iṫis aon dínnéar iniu, leis,” ar sise.

Ṫuigeas go raiḃ Nell tuisceannaċ agus go mbeaḋ sí ag taṫant orm go gcaiṫinn rud éigin.

“Ó!” arsa mise, “Níl aon ocras orm.” Ḃí, a’ dtuigeann tú, aċ ní leigfeaḋ náire ḋom é ráḋ.

“Mara ḃfuil féin b’ḟéidir go n-íosfá píosa de ċíste Nodlag.”

Ḃíos i gcás cruaiḋ—ní ḟéadfainn a ráḋ go n-íosainn agus níor ṁaiṫ liom a ráḋ ná híosainn. Aċ ḃí Nell tuisceannaċ. Ċuaiḋ sí agus ṫug sí ċuġam cannta mór de ḃairġin breac agus muga bainne. Nuair a ḃíos ’á ḋ’iṫe duḃart liom féin gurḃ í Nell an duine ba ṫuisceannaiġe dar ḃuail riaṁ liom.

44