Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/54

This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Ná bíoḋ aon droċṁisneaċ ort, a ḃuaċaill,” arsa Nell liom, “Siuḃail leat.”

“Ní leigfiḋ tú ḋi me ṁarḃú ar fad, a Nell,” arsa mise.

“Ní leigfead,” arsa Nell. “Croiṫ suas tu féin.”

Ṫugas me féin suas do Ḋia agus do Ṁuire agus rugas greim ar ġúna Nell agus ċuas ṫar doras isteaċ ’na diaiḋ. Ḃí Mam ’na suiḋe ag ceann an ḃúird agus Daid le hais na teine agus Cáit imiṫe a ċodla, is dóċa. Nuair ċuas isteaċ d’ḟéaċ Mam orm. Ċloisfeá biorán dá dtuiteaḋ. Do stad mo ċroiḋe agus m’anál agus ċrom rud éigin i gcolpaí mo ċos ar ċriṫ agus ṁeasas go dtuitfinn.

“Ṫáinís,” ar sise.

Ar ṁ’ḟalaing nár laḃras! D’éiriġ Mam agus ṫóg sí anuas an tslat den ċlár os cionn na teine mar a mbíoḋ sé i gcoṁnaiḋe aici.

“Tar i leiṫ ċuġam,” ar sise.

Ó ṁuiricín! ḃíos ag cur uaim. Leis an scannra ḃíos ag bogaḋ de ġúna Nell ċun dul ċun na slaite nuair ċuir Nell taoḃ ṫiar di me.

“Ní ḃuailfiḋ tú barra méire ar an mbuaċaill,” ar sise le Mam. Mo ċeol í Nell.

“Buailfiḋ me agus bainfiḋ me an croiceann anuas do, mar is é atá tuillte aige,” arsa Mam.

Ḃí scaiṁ uirṫi ’á ráḋ, a ḋuine.

“Á faire, a Ṁam! ná dein,” arsa Nell. “Ḋein an garsún boċt dearṁad agus tá aiṫreaċas anois air.”

“Aiṫriġe ṫóirniġe,” arsa Mam. “Scaoil i leiṫ ċuġam é agus múinfead-sa ḋo . . . .”

“Aċ beiḋ sé ’na ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uair eile,” arsa Nell.

Ḃí Nell ar a díċeall.

“Beiḋ, nuair ḃead-sa críoċnaiṫe leis,” arsa Mam, agus ṫug sí foġa tiompall ar Nell ċun beirṫe orm. Léim Nell eadrainn ċun me ċosaint aċ is baoġal go dteipfeaḋ uirṫi agus go mbeaḋ deire le Jimín mara

46