Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/56

This page has been validated.

Caibidiol VII

MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ

Táim le fada ag faire ar Nell Ṁáire Aindí agus ar Ṫaḋg Óg. Go dtí coigṫíos ó ṡin ḃíoḋ an ḃeirt aca sa ḃóiṫrín gaċ aon tráṫnóna. Is mó tamall a ṫugas ag faire orṫa. A leiṫéid de ċogarnaiġ is a ḃíoḋ aca, a ḋuine! D’éaluiġeas-sa taoḃ ṫiar de’n ċlaiḋe oiḋċe ag éisteċt leo féaċaint cad a ḃí ar siuḃal aca. Ní raḃadar buiḋeaċ dá ċéile. Is aṁlaiḋ a ḃí sí sin ag taḃairt greadaḋ ḋo i dtaoḃ go raiḃ sé ag rinnce le cailín ó Ḃaile na hAḃann. Ṫug Taḋg na seaċt leaḃair déag ná raiḃ aon tor’ aige ar an gcailín ó Ḃaile na hAḃann ná ar aon ċailín dá rugaḋ riaṁ aċ uirṫi féin. N’ḟeadar ar ċreid sí é, nó nár ċreid. Is dóċa nár ċreid mar nuair ṫug sé iarraċt ar í ṗógaḋ ḃuail sí claḃta baise sa leaṫċeann air. Is minic a ḃídís mar sin sa ḃóiṫrín.

Tráṫnóna tiompall coigṫíse ó ṡin ṫáinig Máire Aindí isteaċ go dtí mo ṁáṫair agus ḃíodar ag cogarnaiġ agus ṫuigeas go raiḃ scéal mór éigin ar siuḃal aca. Ċuireas-sa mo ċuid leaḃar ar ċeann an ḃúird le hais leo ċun ḃeiṫ ag foġluim mo ċuid ceaċt, mar a ḋéanfaḋ buaċaill maiṫ, aċ duḃairt Mam liom dul d’iarraiḋ gaḃál móna. Nuair a ḃí sé sin istiġ agam ċuir sí amaċ mé d’iarraiḋ uisce. Ṫugas liom an t-uisce, agus annsan duḃairt sí liom dul ar lorg na ngéanna. Ḃí ḟios agam-sa go maiṫ cad ċuige a ḃí sí am’ ċur amaċ, aċ dá ḟeaḃas í, fuaireas amaċ cad do ḃí ar siuḃal aca. D’éaluiġeas isteaċ trí ḟuinneóig an tseomra agus ḃíos ag éisteaċt ag poll na heoċraċ. Máire Aindí a ḃí ag cainnt.

48