Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/57

This page has been validated.

MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ

“N’ḟeadar-sa cad é an saoġal atá anois ann ná deineann an dream atá suas mar do ḋein a muinntir rómpa—a ḃeiṫ sásta leis an té a ġeoḃaḋ a n-aṫair nó a máṫair dóiḃ.”

“Tá aṫarú tagaiṫe ar an saoġal ó ḃíos-sa is tusa óg agus ní hé an meón céadna atá age daoine,” arsa Mam. “B’ḟéidir go ḃfuil an ceart ag an gcailín. Mara ḃfuil sí sásta é siúd do ṗósaḋ, b’ḟéidir naċ ceart duit-se iaċall a ċur uirṫi é ḋéanaṁ.”

“Cumá ná beaḋ sí sásta leis?” arsa Máire. “Ná fuil díol aon ċailín d’ḟear ann? Agus cad é an táċt má tá blianta beaga aoise aige uirṫi? Naċ fearr é ná an glaigín gan éifeaċt san go ḃfuil sí ag cur na súl amaċ ag gol mar ġeall air ó ṫáinig an scéala cleaṁnais ó Ṗeats Teaimí?”

Sin é aduḃairt Máire.

“An mór an spré a ṫairrig Peats duit, a Ṁáire?” arsa Mam.

“Ṫairrig, a ċroiḋe,” arsa Máire, “cúig céad púnt slán, agus naċ orainn a ḃeaḋ an seans an méid sin airgid do ḃualaḋ an doras isteaċ ċuġainn. Ní ċuirfinn a ċaṫú go bráṫ díom dá scaoilinn uaim é.”

Ní duḃairt Mam aon ní go ceann tamaillín.

“Tá sé anaċríona, a Ṁáire,” ar sise fé ḋeire.

“Ní mó ná deiċ mbliana is daċad d’aois é. Is mó lá oibre fós ann,” arsa Máire.

“Níl Nell aċ ceiṫre bliana fiċead,” arsa Mam.

“Arú, naċ ag dul i n-aois a ḃeiḋ sí?” arsa Máire.

“Cad deir sí i dtaoḃ an ċleaṁnais?”

“Arú, is mó rud a deir sí, aċ tiocfaiḋ ciall di ar ball. Mara mbeaḋ Taḋg Óg san, níor ġáḋ ḋom ḃeiṫ ag taṫant i n-ao’ ċor uirṫi. An raiḃ a leiṫéid d’inġin riaṁ ag aoinne? Fear breá, ciallṁar, aici ’á ḋ’ḟaġáil, agus gan aon tor’ aici air.”

“Féaċ, a Ṁáire,” arsa Mam, “b’ḟéidir go ḃfuil an ceart ag an gcailín, má tá éileaṁ aici ar Ṫaḋg Óg, is dóċa gur ḋeacair léi an sean-Peats Teaimí do ṗósaḋ . . . .”

E
49