MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ
Nell ar fuaid na cistineaċ. Ḃí Máire Aindí agus Beit Ṁór agus beirt nó triúr eile ban tiompall na teine agus iad ag cainnt i dtaoḃ an ċleaṁnais.
“Is dóċa go mbeiḋ siḃ ag dul ’on Daingean Dé Saṫairn ċun páipéir an ċleaṁnais a ḋ’ḟáġail ón atúrnae?” arsa Beit Ṁór agus mé ag teaċt an doras isteaċ.
“Ní ḃeid,” arsa mise, “tá an cleaṁnas briste.”
D’ḟéaċadar go léir orm.
“Tá sé briste,” arsa mise.
“Cé duḃairt san leat, a ḃligeáird?” arsa Máire Aindí.
“Peats Teaimí,” arsa mise. “Ḃíos ar an gceardċain anois agus ḃí Peats ann agus d’ḟógair sé ’on diaḃal tusa agus do ṫoice inġine agus duḃairt sé liom é ráḋ leat ná beaḋ a ċuid airgid agat-sa ná ná cuirfeaḋ siḃ ’on ċré é mar do ċuiris-se t’ḟear féin; agus ḃí an goṁ air ’á ráḋ.”
Arú, a ṁic ó! n’ḟeacaís riaṁ aċ an preab a ḃaineas asta. Ċuaiḋ Máire Aindí i laige agus ḃíodar ag caiṫeaṁ uisce uirṫi go dtáinig an t-anam arís innti. Annsan ċrom sí ar ġol agus ḃí na mná go léir ’na tiompall d’iarraiḋ í ċur ar a suaineas. Ní raiḃ Nell ag gol i n-ao’ ċor. Ḃí Beit Ṁór ag cáineaḋ Ṗeats Teaimí.
“Léan air, an rudín súiġ!” ar sise, “b’olc an díol air é ṫaḃairt isteaċ ar do ṫeinteán. Is maiṫ do scarais leis, a ċroiḋe.” Ba ḋóiġ leat ar Ḃeit Ṁór gurḃ í Máire Aindí ḟéin a ḃí ’á pósaḋ leis.
Ḃí Nell tiompall a máṫar a ḃí ag gol. “Á! ’Ṁamaí, éist,” ar sise, “nár imiġiḋ uainn aċ é. Níl ann aċ bodaċ.”
“Níl, a ċroiḋe,” arsan ṁáṫair. “Bodaċ gan ṁeas air féin, a leanḃ, agus b’ḟéidir ná raiḃ an ceart agam-sa nuair a ḃíos ag taṫant ort-sa tú féin a ċeangal le bastún dá leiṫéid.” Nuair a ċuala-sa ag bladar le na ċéile mar sin iad, ċuireas díom amaċ. Ní maiṫ liom suainseán ban.
53