Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/67

This page has been validated.

PÓSAḊ ṪAIḊG ÓIG AGUS NELL ṀÁIRE AINDÍ

Nuair a ḃíos ag dul ar scoil indiu cé ċífinn im’ ċoinniḃ sa ḃóṫar aċ Peats Teaimí. Ḃí eagla orm gaḃáil ṫairis agus léimeas isteaċ ṫar claiḋe. Nuair d’aiṫniġ sé mé ḃagair sé a ḋorn orm. “Ha, há! má ḃeirim-se ort!” ar seisean.

“Hí-ú!” arsa mise, “connus do ṫaiṫniġ do ṫurus ’on Sceilg leat.” Ṫáinig néal air annsan agus ċaiṫ sé bolán mór cloiċe im’ ḋiaiḋ.

59